EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
into, prep. Isteach i. 1 (Motion, direction) To go into a house, dul isteach i dteach, dul faoi theach. Far into the night, amach san oíche. He came into a little property, thit oidhreacht bheag leis. 2 (Change, result) To change water into wine, fíon a dhéanamh den uisce. He grew into a fine man, rinneadh fear breá de. To divide sth. into four parts, rud a roinnt ina cheithre chuid. To collect into heaps, carnáin a dhéanamh. She burst into tears, bhris a gol uirthi.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To take sth. into account, to take account of sth., rud a chur san áireamh.
To put, set, bring, call, sth. into action, rud a chur ar obair, ar siúl.
To come into action, dul ag obair.
He brought the law into action, chuir sé an dlí ar siúl.
To go into action, dul i gcomhrac.
To enter into, conclude, an agreement with s.o., comhaontú a dhéanamh le duine.
To throw sth. into the air, rud a chaitheamh san aer, sa spéir.
All that money has vanished into thin air, tá an t-airgead sin uile imithe le sruth.
To enter into an alliance with s.o., dul i gcomhar, i bpáirt, le duine.
They fell into an ambush, rugadh orthu in oirchill.
F: Put your back into it, leag ort féin, cuir do ghualainn leis.
The car backed into the garage, chuaigh an carr isteach sa gharáiste i ndiaidh a chúil.
He got into the job through the back-door, shleamhnaigh sé isteach sa phost le fabhar.
He badgered me into giving it to him, bhí sé ag gabháil dom gur thug mé dó é.
Into the bargain, le cois, lena chois sin.
To barge into, against, s.o., greadadh in éadan duine.
I have been into every shop in the street, tá gach uile shiopa sa tsráid siúlta agam.
He was into the room like a flash, seo isteach sa seomra é ar luas lasrach.
F: He turned the house into a bear-garden, chuir sé íochtar an tí ar uachtar; rinne sé cíor thuathail den teach.
To get into bed, dul isteach sa leaba.
To come into being, teacht ann.
The coming into being of a new industry, bunú tionscail nua.
To bring a plan into being, scéim a chur i gcrích.
To betray s.o. into error, duine a tharraingt ar bhealach a aimhleasa.
It burst (out) into a blaze, chuaigh sé ar scaite lasrach.
To infuse new blood into a movement, beocht a chur i ngluaiseacht.
It burst into bloom, tháinig bláth air.
She blossomed into a fine girl, d'éirigh sí ina cailín breá, rinne sí cailín breá.
To blow air into sth., aer a shéideadh isteach i rud.
To blunder against, into, s.o., bualadh in éadan duine.
He bounced me into doing it, dheifrigh sé mé lena dhéanamh le tréan cainte.
To break s.o. into a kind of work, duine a chló le cineál áirithe oibre.
To break into a house, briseadh isteach i dteach.
To break into a cake, cáca a bhearnú.
He broke into a laugh, d'imigh gáire air, phléasc sé amach ag gáire.
He broke into tears, shil na súile air.
To break into praise of s.o., tosú ag moladh duine.
To break into a trot, cromadh ar shodar.
He broke forth into rage, tháinig racht mearaithe air.
Her face broke out into pimples, tháinig lear goiríní ar a haghaidh.
He broke out into a sweat, thosaigh sé ag suaitheadh allais.
To break out into excesses, dul thar an measarthacht.
Breaking into a house, briseadh isteach i dteach.
To breathe air into sth., aer a shéideadh isteach i rud.
To breathe courage into s.o., misneach a chur i nduine.
To bring s.o. into danger, duine a chur i mbaol.
To bring sth. into question, rud a tharraingt anuas.
To bring sth. into action, into play, rud a chur ag obair. S.a. FASHION1
To bully s.o. into doing sth., duine a scanrú le go ndéanfadh sé rud.
I bumped into, against, the wall, greadadh, buaileadh, in éadan an bhalla mé.