PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The walking has made my bones ache, d'fhág an siúl mo chnámha síos liom; tá mé stromptha de bharr an tsiúil.
He made an affirmative sign, rinne sé comhartha aontachta.
The blow made his ears ring again, chuir an buille gliogar ina chluasa.
He made it his one ambition, ní raibh faoi ná thairis ach é.
He made ample apologies, ghaibh sé a leithscéal gan cór a chur ann.
I made an appeal to his generosity, chuaigh mé i muinín na féile a bhí ann.
He made a gesture of approval, rinne sé comhartha go raibh sé sásta, toilteanach.
He has made all arrangements, tá gach aon rud socair aige.
You made a good attempt at it, (i) is leor duit mar rinne tú; (ii) thug tú iarraidh mhór air.
No attempt will be made to . . ., ní dhéanfar iarraidh ar bith ar ...
Capital that can be made available, caipiteal is féidir a chur ar fáil.
He made his way back, rinne sé a bhealach ar ais.
F: He made a beast of himself, rinne sé bó de féin.
I made (so) bold (as) to ask him, rinne mé oiread de dhánacht air agus gur cheistigh mé é.
He made a bolt for it, lig sé leis féin de sciotán.
He made no bones about it, ní raibh drogall ar bith air é a dhéanamh; ní raibh gothaí ar bith air á dhéanamh.
He made his bow to the company, bheannaigh sé don chuideachta; tháinig sé os comhair na cuideachta (don chéad uair).
He made his bow to the company and departed, d'umhlaigh sé don chuideachta agus d'imigh.
F: He made a clean breast of it, d'admhaigh sé an t-iomlán.
F: She made a cat's paw of him, rinne sí cúl dín de.
He made himself cheap, rinne sé a bheag de féin; d'ísligh sé é féin.
He would believe the moon is made of green cheese, chreidfeadh sé gur éirigh tú ó mhairbh.
He made child's-play of it, ní bhfuair sé croitheadh ar bith ina dhéanamh.
He made a wide circuit, chuir sé an-timpeall, cor mór bealaigh, air féin.
He made himself clear, chuir sé é féin in iúl go soiléir.
I made it clear to him that . . ., thug mé chun cruinnis dó é go . . .; cuir mé ar a shúile go . . .
He made himself comfortable, shoiprigh sé é féin.
He made himself conspicuous, tharraing sé aghaidh na ndaoine air féin.
He made his contract, ghnóthaigh sé ar ghlaoigh sé.
He made the sign of the cross, choisric sé é féin; ghearr sé an chroch chéasta air féin; chuir sé comhartha, fíor, na croise air féin.
He made a sudden dart at it, thug sé sciuird thobann faoi, thug sé faoi de sciotán.
He made a dash forward, thug sé seáp chun tosaigh.
I made a deal with him, rinneas margadh leis.
When he made his début on the stage, nuair a ghlac sé páirt i ndráma den chéad uair.
She made a great display of sorrow, chuir sí cumaí na buartha móire uirthi féin.
I made my mind easy about it, chuireas m'aigne chun suaimhnis ina thaobh.
He made good his escape, thug sé na haenna leis.
He made an exhaustive search, níor fhág sé míor meacan gan cuartú.
She made an exhibition of herself, rinne sí seó saolta di féin.
F: That made him open his eyes, bhain sin na fachailí as na súile aige.
She made eyes at John, F: she gave John the glad eye, bhí sí ag iompú catsúilí ar Sheán.
He made himself familiar with the language, chuir sé eolas ar an teanga.
He made his authority felt, chuir sé a smacht i gcion.
F: He made a feint of doing it, lig sé air féin go raibh sé á dhéanamh.
He made a fool of himself, rinne sé amadán, baileabhair m, ceap m magaidh, de féin.
He made a name for himself, shaothraigh sé clú dó féin.
Cards: He made fourth, ba é an ceathrú duine é.
He made his way to the front, rinne sé a bhealach chun tosaigh.
She made a fuss of the child, bhí sí ina coda beaga timpeall an linbh.
I made him gasp, bhaineas an anáil de.