EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
spoke1, s. 1 a Spóca m (rotha). b Nau: Doirnín m (roth stiúrach). 2 a Runga m (dréimire). b Bata m bactha. Til put a spoke in his wheel, bainfeadsa siar as.
spoke2, v.tr. Cuirim bata bactha i (roth).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I never spoke to him after, níor labhair mé riamh leis ó shin.
(With antecedent) I spoke to all the people who were there, labhair mé lena raibh (de dhaoine) ann.
He spoke with bated breath, labhair sé faoina anáil.
He spoke in a beery voice, bhí aithne óil ar a chuid cainte.
He spoke in his individual capacity, labhair sé mar dhuine príobháideach.
He spoke without constraint, labhair sé gan bac; scaoil sé leis féin sa chaint.
He spoke in a despairing tone, bhí meacan an éadóchais ina ghlór nuair a labhair sé.
He spoke extempore, labhair sé gan aon ullmhú roimh ré.
She spoke in a genteel tone of voice, bhí tuin, canúint, ghalánta ar a cuid cainte.
He spoke very kindly of you, labhair sé go maith ort.
He spoke, came last, ba é an duine deireanach a labhair, a tháinig, é.
The manner in which he spoke, an dóigh ar labhair sé.
He spoke in measured tones, labhair sé go righin réidh.
He spoke with native ease, bhí sé solabhartha ó dhúchas.
Nobody spoke to me, níor labhair aon duine liom.
He just spoke off-hand, labhair sé mar a tháinig sé chun an bhéil chuige.
They spoke with one voice, labhair siad d'aonghuth, as béal a chéile.
Never a one spoke to me, níor labhair a oiread agus duine liom.
He spoke in ringing tones, bhí cling ina ghlór agus é ag labhairt.
He spoke at some length, labhair sé tamall maith fada.
Suddenly the guns spoke, leis sin féin labhair na gunnaí.
He spoke his mind, dúirt sé an rud a bhí ar a intinn.
He spoke with studious politeness, labhair sé agus é go béasach d'aon turas.
It is about thee he spoke, is ortsa a labhair sé.
They spoke, labhair siad, labhraíodar.
He spoke in a threatening tone of voice, labhair sé go bagrach.
He spoke in an impatient tone, labhair sé de ghlór mífhoighneach.
He spoke in his turn, labhair sé ar a sheal.
It would be just as well if you spoke to him, níor mhiste dhuit dul chun cainte leis.
I spoke to the secretary, which person I had known for many years, labhair mé leis an rúnaí, duine a raibh aithne agam air le blianta fada.
You spoke, labhair tú, sibh.