Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: hey · the · thee · them · then
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
New English–Irish Dictionary has an entry for they »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
they, pers. pron. 1 Siad(Nom. to v. other than the copula in Irish; also inflected v. forms). They spoke, labhair siad, labhraíodar. 2 Iad. a (With copula in Irish) They are honest men, fir chneasta iad. b (Nom. to pass. in English) They were beaten, buaileadh iad. c (Absolutely) Here they come! seo chugainn iad! As they were coming, agus iad ag teacht. 3 (Prep. pron. in Irish) They know that, is eol dóibh é sin. They are hungry, tá ocras orthu. 4 (Emphatic forms in Irish) Siadsan(corresponding in use to siad); iadsan(corresponding in use to iad); -sean, -san(with prep. prons.). a It is they, iadsan atá ann. They will go there and you will stay here, rachaidh siadsan ansin agus fanfaidh tusa anseo. You and they are hungry, tá ocras ortsa agus orthusan. Anybody but they, duine ar bith ach iadsan. It is they who say it, iadsan a deir é. b (Stressed in English) They would not go, ní rachaidís-sean. They said it, iadsan a dúirt é. They are hungry, tá ocras orthusan. They know nothing, ní heol dóibhsean faic. 5 (Omitted in Irish). a Did they come? -- They did, ar tháinig siad? -- Tháinig. b Are they young men? -- They are, an fir óga iad? -- Sea. 6 They who . . ., na daoine a . . ., an dream, an mhuintir, a ... They who are fortunate, an dream a bhfuil an t-ádh orthu.
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
They were threepence a pound, trí phingin an punt a bhí orthu.
They came in two at a time, tháinig siad isteach ina mbeirt agus ina mbeirt.
They are of a size, tá siad ar aon mhéid.
They were adequately supplied, bhí riar a gcás acu.
They entered one after the other, chuaigh siad isteach ina nduine is ina nduine.
They fought man against man, throid siad fear san fhear.
They are of an age, comhaois iad.
They agreed about the price, shocraigh siad faoin luach.
They cannot agree, ní féidir leo réiteach, tarraingt, le chéile.
(Of thgs.) They don't agree, níl siad ag teacht le chéile; (of opinions) níl siad ag cur le chéile.
They have an agreement, tá socrú eatarthu.
They became alienated, thug siad cúl dá chéile.
They were dressed alike, bhí aon éide amháin orthu.
I am fully alive to the honour they have done me, tá tuiscint mhaith agam ar an onóir a fuair mé uathu.
They were all in all to each other, ní raibh ann ach iad.
They became allies, chuaigh siad d'aontaobh.
They fell into an ambush, rugadh orthu in oirchill.
They were ambushed, rinneadh ionsaí as luíochán orthu.
They are divided amongst themselves, tá easaontas eatarthu féin.
They were walking two and two, bhí siad ag siúl ina mbeirteanna.
They moved apart, sheas siad amach ó chéile.
They are a mile apart, tá siad míle ó chéile.
They cost me a shilling apiece, scilling an ceann a thug mé orthu.
They are arguing about it, tá siad ag sáraíocht ar a chéile faoi.
They took up arms against the government, chuaigh siad i ndeabhaidh lainne leis an rialtas.
They laid down their arms, ghéill siad.
They arrayed themselves against the King, chuaigh siad d'aonleith in aghaidh an rí.
They were murdered as they lay asleep, maraíodh iad agus iad ina gcodladh.
They assort well, is maith a oireann siad dá chéile.
They have the wind astern, tá an ghaoth leo.
They are at me again, tá siad ag gabháil dom arís.
They rushed to the attack, chaith siad iad féin ar an namhaid.
They gave him every attention, chuir siad gach cóir air.
They're a bad lot, is mallaithe an dream iad.
They are on bad terms, níl siad ag tarraingt le chéile.
They treated him badly, chaith siad leis go dona.
They were badly beaten, buaileadh go trom iad.
They want it badly, teastaíonn sé go géar uathu.
They banded together, tháinig siad le chéile.
They are always laughing, bíonn siad i gcónaí ag gáire.
They were all gone, bhí siad uile imithe.
They bore down all resistance, chloígh siad gach rud dá raibh ina n-aghaidh.
He believes them because they are his friends, creideann sé iad de bhrí go bhfuil siad ina gcairde aige, de bhrí iad a bheith ina gcairde aige.
They attacked the army from behind, tháinig siad ar chúla an airm is d'ionsaíodar iad.
They returned to where they belonged, d'fhilleadar ar a nádúr féin.
They are betrothed, tá lámh is focal eatarthu.
F: They have seen better days, bhí lá agus bhí rathúnas acu; daoine iad a baineadh as a gcleachtadh.
They shared it between them, roinn siad eatarthu é.
They are bitter enemies, tá an dubholc dá chéile acu.
(Kindred) They are near in blood, tá siad gairid i ngaol.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News