EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
wild, a. 1 Fiáin. Wild country, dúiche fhiáin; fásach m. Wild flowers, bláthanna léana, scéine. (Of plants) To run wild, dul i bhfiáin, dul chun scéine. A wild animal, ainmhí allta. A wild goose, gé fhiáin. 2 a (Gaoth, etc.) mhór; (sruth, etc.) mire; (farraige) chraosach; (aimsir) mhór, gharbh. It was a wild night, ba gharbh an oíche í. b (Capall, etc.) fiáin, aimhriata. F: Wild horses wouldn't draw it out of me, dá mbrisfí coill orm, ní sceithfinn é. c (Duine) fiáin, buile; (iompar) ainrianta, aimhleasta. A wild fellow, scódaí m. He led a wild life, chaith sé a shaol le drabhlás; d'imigh sé le haer an tsaoil. To run wild, (i) imeacht le buile, le craobhacha; (ii) (of children) imeacht ó smacht, le scód; dul i bhfiáin. 3 a (Of pers.) Le buile, le báiní. Wild eyes, súile scéine, scaollmhara. To be wild to do sth., bheith ar bís chun rud a dhéanamh. It makes, drives, me wild, cuireann sé mo chiall ar mo mhuin dom. F: To be wild with s.o., bheith ar buile le duine. b (Of opinion, etc.) Baoth, áiféiseach. Wild talk, blaoiscéireacht f; scaothaireacht f. Wild exaggeration, scailéathan m. 4 s.pl. The Wilds, na réigiúin fhiáine; an fásach. He went out into the wilds, chuaigh sé amach san fhásach. ► wildly, adv. Go fiáin. To talk wildly, bheith ag scaothaireacht. Her heart was beating wildly, bhí fuadach faoina croí.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Wild beast, beithíoch allta, beithíoch éigéill.
Wild boar, torc m (allta).
Wild briar, dris f fhiáin.
Wild goose chase, tóraíocht an ghadhair gan fios a dhatha.
Wild cherry, silín fiáin.
Wild chicory, siocaire fiáin.
Like wild fire, mar a bheadh falscaoth ann.
Wild fowl, éanlaithe fiáine.
F: The Wild Geese, na Géanna Fiáine.
Wild oats, coirce m fiáin.
F: To sow one's wild oats, drabhlás na hóige a chur tharat; do bháire baoise a imirt.
Briar-rose, wild rose, conrós m.
Wild thyme, lus m na mbrat, tím chreige.
F: Wild-cat scheme, scéim áiféiseach.