DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)
casadh thart is thart, dul i gciorca(i)l, foluain
tógáil nó fáil (ghlac sé mo thoise; bronntanas a ghlacadh; glacadh isteach sa rang iad); a thógáil ort féin (freagracht a ghlacadh; laethanta saoire a ghlacadh); tógáil, aireachtáil (fearg, misneach, a ghlacadh); faomhadh (glacaim le d'fhocal); cur suas le (ní ghlacfainn leis sin uaidh); a theacht ar, gabháil (ghlac dúil sa bhia é)
biseach a chur dhuine breoite; rud, scéal etc., a chur ina cheart (leigheasfaidh sé sin do chás); ealaín an dochtúra (lucht leighis); cóir feabhsaithe (leigheas ar chasacht); cúiteamh (leigheas ar dhíobháil); cumhacht leighis (tá leigheas sa rud sin, tá leigheas ag Brian); smacht, neart (tá sé crosta ach níl aon leigheas aige air)
bainne a théamh go teocht 65° ceinteagrád ar feadh leathuair an chloig chun cuid mhaith frídíní díobhálacha a mharú ann (ainmnithe amhlaidh ón eolaí Francach, L. Pasteur)