EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
aimsir bain2 staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an cineál aimsire a bhíonn in áit
aimsir bhreá idir dhá chith
féilire, i bhfoirm leabhair de ghnáth, a thugann eolas faoin aimsir agus faoi nithe a tharlaíonn le linn na bliana
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
cruatan (aimsire, oibre, etc.); droch-chaoi
an-bhreá ar fad (áit, aimsir, duine, aoibhinn); sona (is aoibhinn duit)
= an2 san aimsir chaite agus sa choinníollach (ar bhris sí é? ar mhaith leat é?)
gléas le brú an aeir a thomhas mar chomhartha ar staid na haimsire
maireachtáil (an Té a bhí agus atá agus a bheas go brách); focal a úsáidtear chun cáilíocht, bail nó staid a lua le duine nó rud (bhí aimsir bhreá ann; tá sé go maith; dá mbeadh am agam; conas tá sé?; ní bhíodh sé ag obair; beidh sé ag súil leat; ní raibh sé ach bliain d'aois)
cuartaíocht i dtithe mar chaitheamh aimsire
álainn (bean bhreá; aimsir bhreá); an-sásúil (béile breá); déanta go maith (obair bhreá); ar staid mhaith (tá mé go breá anois); maith (d'éirigh go breá liom); aoibhinn (is breá an saol atá agaibh); maith mór (suim bhreá airgid); pléisiúrtha (duine breá le labhairt leis); taitneamhach (ba bhreá liom a bheith ann); (ag neartú le haidiacht eile)(breá mór, breá fairsing, breá bog anois!)(le híoróin)(rógaire breá; tá go breá agat!)
lán de spotaí; dubh (tá an áit breac le daoine); leathmheasartha (aimsir, sláinte, bhreac)
teas marbh san aimsir; teaspach
fear óg; giolla (buachaill aimsire, buachaill siopa, buachaill bó)
an fear aimsire is airde céim i dteach mór
duine a thugann réamhaisnéis faoin aimsir
páiste baineann; bean óg shingil; seirbhíseach mná (cailín aimsire)
bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais)
cluiche, obair, etc. a chuidíonn le duine an aimsir a mheilt nó a chur thart
ní chan an leagan de cha roimh ghuta nó f a leanann guta é char an leagan de cha roimh an aimsir chaite
ceannach ruda amach trína thógáil ar cíos agus díol as ina shuimeanna beaga i bhfad aimsire
meath, meathlú, dul in olcas (claochlú aimsire); athrú go bunúsach (teas a chlaochlú go fuinneamh)
meán na haimsire in áit nó i dtír, i.e. meán na teochta, na fearthainne, na gréine, ar feadh tréimhse áirithe
strainséartha, iasachtach (tíortha coimhthíocha); corr, aisteach (tá blas coimhthíoch air); cúthail, náireach (bheith coimhthíoch le duine); (le haimsir) mínádúrtha
cur i bhfeidhm, tabhairt chun críche, go hiomlán (gealltanas, dualgas, a chomhlíonadh); críochnú (nuair a bhí an aimsir comhlíonta); cúiteamh
contrártha, difriúil bunoscionn (aimsir chontráilte); neamhcheart (san áit chontráilte)
dealraitheach (tá sé cosúil lena athair; is cosúil gur fíor é); measartha, cuibheasach (aimsir chosúil)
cuntas in ord aimsire ar rudaí a tharla
ar nós cloiche nó iarainn, gan a bheith bog; deacair, doiligh (ceist chrua); dian (rás crua); dlúth (snaidhm chrua); láidir (buille crua); anacair, anróiteach (saol crua, aimsir chrua); dúr (croí crua); cruinn, gortach (crua faoi airgead); doscúch, righin (gasúr caol crua)
gasra daoine le chéile, comhluadar (i gcuideachta duine; is breá an chuideachta iad); greann, spórt, caitheamh aimsire (déanfaidh sé cuideachta dúinn); comhlacht gnó
bocht (duine dealbh); lom (bothán dealbh); (le haimsir) gruama (oíche dhealbh)
(le haimsir) fuar, feannta
gan a bheith cam ná cuartha; gan chor gan chasadh; (le haimsiú) cruinn; (le duine) macánta; (le háit nó aimsir) cruinn, ceart (díreach ansin, anois go díreach!)
mír bhriathartha a léiríonn an aimsir chaite (d'ith sé agus d'ól sé a dhóthain)
aimsir sceirdiúil ghránna; fuacht, fuaire; cruinneas, sprionlaitheacht
mír a thagraíonn d'ainmfhocal firinscneach agus a úsáidtear (in ionad sé) i ndiaidh na copaile nó sa chuspóireach (duine mar é; gan é sin; is é Seán é; déan é sin); (le haimsir, am, spás)(ach gan é a bheith ag báisteach)
ceann, deireadh, foirceann (go hearr aimsire)
achar nó tamall fada (i bhfad ó bhaile, ó chéile); faide (an lá ag dul i bhfad, i bhfad na haimsire)
nós na haimsire, go háirithe i gcúrsaí éadaigh, gruaige etc., a gcruth agus a ndéanamh; béas
siamsa, caitheamh aimsire; amaidí
fearg a bheith ort le duine; droch-chuma a bheith ar spéir, aimsir etc.; dearg, greadta (mar a bheadh cneá)
tairngreacht (dátaí, aimsire etc.); insint rabhcán
fearthainn; aimsir fhliuch; fliuchadh
aimsir fhuar (amuigh faoin bhfuacht); fuaire, goimh (bain an fuacht as); slaghdán; mífhonn (gan fuacht gan faitíos)
éirí fuar nó a dhéanamh fuar; faoiseamh (ó phian etc.); dul in éag (lig don scéal fuarú; fuarú ceana); caitheamh (ag fuarú na haimsire)