DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
solas nó tine a theacht nó a chur ar rud (lampa, tine a lasadh; ní lasfaidh an gual); múscailt (lasadh feirge); éirí feargach (cneá ag lasadh); deargadh (las sé suas san aghaidh)
gléas a phiocann suas fuaimeanna le haghaidh craolacháin
bheith ar do chosa nó éirí ar do chosa agus gan a bheith suite ná sínte; stad, stopadh (seas tamall is labhair liom; sheas mo chroí); maireachtáil (má sheasann an aimsir; fad a sheas an t-airgead); cur in aghaidh, cur in éadan, cur suas le (an fód a sheasamh; an fuacht a sheasamh); cosaint (do cheart a sheasamh); íoc as deoch do dhuine; buanfas (tá seasamh san éadach sin); brath (mo sheasamh ort!); stádas (tá seasamh maith aige i measc a dhaoine); tacú le (seasamh le chéile; an fear a sheas liom)
tacú dín; (le héan) fáscadh suas le briogúin le haghaidh cócaireachta; (le muinchillí etc.) filleadh suas