DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
rath (bail ó Dhia ar an obair); cóir cheart (chuir sí bail ar a gruaig); an chaoi a bhfuil rud nó duine (cén bhail atá ort?); cóir, úsáid (an bhail a thug sé ar a leabhar)
comhaireamh, áireamh (cuntas a dhéanamh ar rudaí); an méid ceart (tá an cuntas ansin agat); cúrsaí airgid (cuntas bainc); reicneáil (lá an chuntais; duine a thabhairt chun cuntais); tuairisc, cur síos (tá cuntas sa leabhar seo air; cuntas duine a chur)
dúnadh (doras, leabhar, a dhruidim); teannadh (druid isteach leis an tine; druid aníos anseo; druid amach uaim)
lorg, éileamh (d'iarr sé punt orm, níl iarraidh ar an leabhar seo); iarracht a dhéanamh (ag iarraidh éirí); fogha, amas (thug sé iarraidh bhuailte orm); uair, babhta, iarracht (an iarraidh seo)
duine misniúil cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán
litreacha agus focail a chur síos le peann nó peann luaidhe; litir a scríobh agus a chur sa phost (scríobh sé chuici); cumadh nó cur i bhfocail (scríobh sé aiste, dán, leabhar, etc.); an rud atá scríofa; lámh, peannaireacht (is deas an scríobh atá aige)
druidim nó déanamh ar an áit seo; gabháil, gluaiseacht (tar an bealach seo; an dtiocfaidh tú linn?); sroicheadh, tarlú (tá an samhradh tagtha; tháinig a lá; teacht ar nead; tiocfar ort fós); foilsiú, nochtadh, fás (tháinig an síol; tháinig an leabhar amach; bhí na deora ag teacht); téarnamh (bádh eisean is tháinig mise); fás, forbairt (tháinig trua agam dó; tá an bláth ag teacht air; tháinig misneach dom); aontú (ní thagaim leat ann sin); bheith in ann (ní thig liom é a dhéanamh); sárú (ní ag teacht romhat é); trácht, lua (ós ag teacht thairis sin duit)