DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
deoch láidir ar nós fuisce nó branda
rud a chur i do bhéal féachaint cén blas atá air; beagáinín de bhia nó de dheoch
súilín beag aeir ar uisce nó deoch, bolgán, boilgín
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
árthach gloine a bhfuil scóig air agus a gcoinnítear deochanna ann
sórt, saghas (an cineál cainte a bhíonn air); dúchas, mianach (tá cineál an cheoil ann; talamh a thabhairt chun cineáil); (le bia, deoch) sócamas, cóir speisialta; clann (Cineál Eoghain)
leacht géar a thagann as an ae sa chorp agus a chuidíonn le díleá; deoch a mbeadh blas géar uirthi; cantal, cancar
ar bheagán meáchain, furasta a thógáil nó a iompar; lag (bia nó deoch éadrom); aerach (éadrom sa cheann)
cur (fáilte a fhearadh, cogadh a fhearadh); doirteadh, sileadh (ag fearadh na ndeor); cur isteach (bhí an deoch ag fearadh air); scaoileadh gairr as an gcorp
fuath a thabhairt (do); gráin a theacht agat ar rud nó iompú ina aghaidh (d'fhuathaigh an sé deoch)
gairmneach, scairteach (glaoigh ar Sheán; ghlaoigh sé deoch); glao (glaoch ola, glaoch na mara)
ar dhath an fhéir nó an duilliúir ag fás; óg, neamhaibí (adhmad glas); gan taithí (tá an fear bocht glas air); neamhoilte (saighdiúirí glasa); lag i mbrí (deoch ghlas); dorcha liath (flainín glas); liathghorm (súile glasa); lonrach mar chruach (sceana glasa); fuar, gruama (aimsir ghlas); gan substaint (iasc glas)
fás fiáin nimhiúil agus gas ballach air; deoch nimhiúil déanta as an bplanda
cumasach, cumhachtach (comh láidir le capall); iomadúil (buíon láidir fear); gustalach (feirmeoir láidir); buan, stóinsithe (bróga láidre; creideamh láidir); deacair a chasadh (goile láidir); dian ar na céadfaí (grian, deoch, láidir); iontach (is láidir nár leagadh mé); ardghlórach, fórsúil (guth, caint, láidir; gaoth láidir)
mothú go bhfuil do cheann ag teacht thart is thart; speabhraídí (tá mearbhall dí air); buairt aigne (cad tá ag déanamh mearbhaill duit?); botún, dearmad (mura bhfuil mearbhall orm)
mearbhall de thoradh dí (fear meisce, fear ar meisce); mearbhall intinne (meisce chodlata, meisce thobac)
(le deoch) a chuirfeadh meisce ar dhuine
deoch mheisciúil (is daor an t-ól é); claontacht chun óil, ólachán (imithe ar an ól; teach óil); deoch ar bith a shlogadh nó a ligean siar (ól braon tae; ag ól go trom); caitheamh (ag ól tobac)
toradh súmhar milis agus craiceann buí air a fhásann i dtíortha teo; an deoch a bhaintear as an oráiste
togha, plúr (scoth na bhfear; deoch den chéad scoth); táth, triopall (scoth ghruaige, luachra); deasú, slacht (cuir scoth ar an gcruach)
deoch a dhéantar le huisce te a dhoirteadh ar dhuilleoga triomaithe an phlanda tae; béile a n-óltar tae leis (tae an tráthnóna)
le teas nó teocht ard (deoch the, uisce te); brothallach (lá te); a thugann teas (éadach te); géar, garg (piobar te); teasaí, díograiseach (go te sa tóir air); grámhar (tá croí te aici)
éirí teann nó a dhéanamh teann; feistiú, fáscadh, daingniú; coinneáil le (bhí sé ag teannadh dí leo); cur (teann ort do chuid éadaigh); dlúthú (bhí an tóir ag teannadh orthu); druidim (teann anall, isteach, liom; ag teannadh ar cheann scríbe)
coimeádán leathan leibhéalta agus ciumhais ardaithe amuigh air chun bia nó deoch nó gréithe boird a thabhairt thart
tástáil (triail an deoch seo; sin é an áit a raibh an triail orthu); iarracht a dhéanamh ar (thriail sé éirí); cur faoi éisteacht cúirte (cás a thriail)