EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
boladh fir1 cumas rud a mhothú tríd an tsrón; cumhracht, bréine, etc.; an chéadfa a mhothaíonn cumhracht, bréine etc. ► bolaíocht bain3
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
gás le boladh láidir a leánn in uisce agus a úsáidtear chun glantóireachta
cineál ola agus boladh láidir uaithi a úsáidtear i gcógais agus i millíní leamhan
ceann de chúig éirim an choirp chun rudaí a bhrath nó a thabhairt faoi deara - amharc, éisteacht, blas, boladh agus mothú
gás nimhneach buí-uaine agus boladh an-láidir uaidh, a úsáidtear chun tuartha agus chun uisce a steiriliú
bláth ilpheitealach agus boladh spíosrach uaidh
le boladh breá; glan, friseáilte; úr, glas
planda cosúil le hoinniún a bhfuil boladh láidir agus blas géar air
gás gan dath gan bhlas gan bholadh a thugann uisce nuair a chomhcheanglaítear le hocsaigin é (Is í an tsubstaint í is éadroime amuigh agus lasann sí go héasca)
gás gan dath gan bholadh a dhéanann suas an 4 5 ú cuid den aer thart orainn
gás gan dath gan bholadh a dhéanann suas an cúigiú cuid den aer thart orainn
glasra i bhfoirm bleibe a bhfuil blas agus boladh láidir air
cineál ocsaigine a bhfuil boladh aisteach uaidh
ábhar plandúil triomaithe nó púdraithe le blas a chur ar bhia agus boladh láidir uaidh (piobar, cainéal, mar shampla)
an chuid den aghaidh a thugann anáil agus boladh do dhuine nó d'ainmhí; gob, soc (srón báid, carraige); cumas bolaíochta (madra gan srón)
ábhar a dhóitear le linn searmanas creidimh le boladh breá cumhra a tabhairt
leacht glan glé de chumasc hidrigine agus ocsaigine, gan bhlas gan bholadh ar é a bheith glan; deora (bhí uisce lena shúile); báisteach, fearthainn; sáile (uisce na farraige; dul thar uisce)