DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
cluiche cosúil le leadóg a imrítear le cearc cholgach in ionad liathróide
cluiche, coimhlint; cluiche iomána; cúl scórála (báire a chur); an spás idir na cuaillí a bhíonn mar sprioc i gcluichí áirithe (cé a bhí sa bháire acu?)
cluiche cártaí ar nós fuist idir cheathrar páirtithe
cluiche a imrítear le cleathóg agus trí liathróid ar bhord a bhfuil éadach mín glas air agus pócaí ar a chúinní agus ar a dhá thaobh
cluiche cearrbhachais le huimhreacha
cluiche, obair, etc. a chuidíonn le duine an aimsir a mheilt nó a chur thart
cluiche foirne ina gcaitear liathróid mhór isteach i gcochall ardaithe
faire, cosaint (ag coimhéad an eallaigh); friotháil (do ghnó a choimhéad); súil ghéar a choinneáil ar (an cluiche a choimhéad)
cluiche ceannais i gcomórtas
cluiche ina dtiomáintear liathróidí adhmaid le buillí de mháilléad trí lúba iarainn ar léana
cluiche le bataí is liathróid is stumpaí idir dhá fhoireann
cluiche do bheirt a imrítear le 16 píosa (foireann fichille) an duine ar chlár 64 cearnóg dubh is bán
cluiche ina dtéann páistí i bhfolach ar a chéile
cluiche cártaí idir cheathrar (beirt le beirt)
cluiche ina mbuailtear liathróid bheag le clubanna thar réimsí fada talún isteach i bpoill ar phlásóga glasa
cluiche foirne, cosúil le hiománaíocht, ach an bata a bheith níos caoile as a bharr ná an camán
iománaíocht, cluiche a imrítear le camán agus sliotar
cluiche spóirt ina mbíonn beirt ag iarraidh a chéile a leagan, coraíocht
clabhta, sceilp; duine nó ainmhí mór ramhar; cluiche idir bheirt nó idir dhá bheirt ina mbuaileann siad liathróid le raicéid de dhroim líontáin chun a chéile
(i bhficheall) cás ina mbíonn imreoir nuair nach féidir leis corraí gan an cluiche a chailleadh
cluiche ina mbuailtear liathróid leis an lámh in aghaidh pinniúir
lasán; cluiche imeartha, comórtas
liathróid mhór le ciceáil thart; cluiche a imrítear léi
cluiche cosúil le haca a imrítear ar muin capaill le bataí agus ceann máilléid orthu
scoil éisc ag cluicheadh ar barr uisce
cluiche cearrbhachais ina mbíonn liathróid bheag ag casadh taobh istigh de roth a bhíonn ag casadh ina coinne
cluiche peile nach bhfuil cead ach ag an gcúl báire an pheil féin a láimhseáil ann
ceann de na naoi bpíosa adhmaid ar dhéanamh an bhuidéil a úsáidtear i gcluiche scidilí, atá cosúil le cluiche pionnaí
cluiche a imrítear ar bhord billéardaí le cleathóga agus le liathróidí
cluiche do bheirt ina gcorraíonn siad dioscaí in aghaidh a chéile ar chearnóga ar chlár imeartha
duine a thugann tuairisc reatha ar imeacht éigin, ar nós cluiche peile, rás etc.