DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
é a bheith d'aidhm agat (chuir sé roimhe é a fhoghlaim)
mír a chuirtear roimh fhocal chun contrárthacht bhrí an fhocail sin a léiriú (dí-adhlacadh, díchuimhne)
mothú nó léiriú áthais roimh dhuine (chuir sé fáilte roimhe); focal nó beannú áthais
focal a chuireann béim ar an bhfocal a thagann roimhe agus a dhealaíonn ó rudaí eile é (é féin a rinne é; eadrainn féin atá sé; go deimhin féin); fiú amháin (mar sin féin; dá mbeadh bean féin aige)
cur de ghlanmheabhair; cuimhneamh ar; cur i gcuimhne; smaoineamh go domhain; brath, mothú (ag meabhrú a shlí roimhe)
focal beag a chuirtear roimh ainmfhocal lena thaispeáint cén bhaint atá aige le focal eile (mar shampla; ar, as, ag, do, de, i, ó etc.)
siolla a chuirtear ag tús focail lena bhrí a athrú (Nuair a chuirtear mí- roimh ceart athraíonn a bhrí go dtí a mhalairt)
ar aghaidh, os comhair, os coinne (cuir marc roimhe); chun cinn nó níos túisce in am nó i spás (romhat amach, an duine a bhí romham, tiomáin romhat iad; roimh a sé a chlog); i gcomhair (bí romham ag an stáisiún); trasna ar (ná bí ag teacht romham ar gach focal); (le heagla, áthas, olc etc.) (fáilte romhat; bhí eagla air roimpi)