DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
bád a choinneáil sa bhall céanna ar an uisce; fanacht ar foluain gan chorraí san aer
fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach)
coinneáil; taisce, cosaint (rud a chur i gcoimeád); bac, stopadh (leanbh a choimeád ó scoil; ná bí do mo choimeád níos sia); fanacht i (an leaba a choimeád)
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
i gcomhthreo le chéile agus ag fanacht comhfhad ó chéile
ordú míleata do dhaoine fanacht ina dtithe le linn tráthanna áirithe
an méid a fhanann gan ól de dheoch nó gan ithe de bhia, fuíoll nó deasca; aon rud gan mhaith, an chuid is measa de rud
go, chomh fada le (fan go dtí amárach; tháinig sé go dtí mé); i gcomparáid le (ní haoibhneas go dtí é)
imeacht ó áit nó ó rud; ligean do rud fanacht, nó é a chur, mar a bhfuil sé (doras a fhágáil dúnta; fuílleach a fhágáil); titim siar, teip (fágadh sa rás é); cur nó gan a chur san áireamh (fágann sin gur fíor é); laige, locht (tá fágáil éigin ann); geasa (d'fhág sé na fágálacha sin orainn)
fanta, tréigthe, ar gcúl; cúlánta, gan fuinneamh, gan treoir, gan mhaith (is fágtha an duine é)
cur fút (in áit); gan corraí (as áit); gan bogadh (go dtarlaíonn rud éigin nó go n-ordaítear a mhalairt); cónaí (tá sé ag fanacht ar an mbaile seo); gan athrú nó aistriú (fan socair; fan fút); foighneamh (fan nóiméad, fan leis is tiocfaidh sé); coinneáil ó (fanacht ón scoil, fanacht amach uaidh)
tabhairt faoi deara, tógáil ruda isteach leis na súile (ní fhaca sé mé ach chonaic mé é); aithint, meas (fan anois go bhfeicfidh mé); labhairt le (caithfidh mé tú a fheiceáil); cuardach (tháinig sé do m'fheiceáil); dealramh (do)(chonacthas dom nach raibh)
(leis an gcopail) indéanta (ní féidir liom é); ceadaithe (ní féidir dó fanacht anseo); seans, tharlódh sé (b'fhéidir é)
fós; go ceann tamaill eile (fan anseo go fóill)
(sa ghramadach) modh den bhriathar a úsáidtear chun guí, dóchas nó éiginnteacht a léiriú (fan go dtaga sé; nárab é duit)
imeacht ar strae, ar seachrán; corraíl, suaitheadh; fanacht gan síothlú i leacht
a bhfuil fágtha nó fanta; farasbarr, barraíocht (tá fuílleach ama againn); iarmhéid (i gcúrsaí tráchtála etc.)
fanacht, moilliú; moill (fuireach calaidh ar bhád)
fanacht, moilliú; (ag fuireachas le duine); faireachas; airdeall
a úsáidtear le briathra i gcaint indíreach (gur ina ionad san aimsir chaite)(deir sé go bhfuil ocras air, fan go bhfeicfidh mé, b'fhada liom go mbeadh sé déanta agam)
fágtha, fanta; chun deiridh (le hobair etc.)
breacadh an lae (fan go láfaidh sé)
liúntas, lacáiste; saothar; maithiúnas i bpionós an pheaca atá fanta fós i ndiaidh faoistine; tabhartas (is mór an logha dúinn é)
an fuíoll a fhanann tar éis gual, adhmad, móin, etc. a bheith dóite amach
an seascadú cuid d'uair an chloig, 60 soicind; achar beag ama (fan nóiméad); pointe ama (bhí sé ann ar an nóiméad)
buíon oibrithe ar garda chun tathant ar oibrithe eile fanacht amuigh
scata, ealta, tréad; líne daoine ag fanacht lena seal (chun dul ar bhus, isteach i bpictiúrlann etc.)
fanacht siar nó amach ó (ceist a sheachaint; buille a sheachaint); aire a thabhairt (seachain tú féin); cosaint (seachain an leanbh ar an tine)
lonnú, neadú, cónaí; fanacht; socrú síos
(le crann, tor etc.) a fhanann glas tríd an mbliain amach
ciúin, réidh, gan chorraí; ar sos, ar suaimhneas (farraige, aimsir, shocair; fan (go) socair); socraithe (bhí sé socair agam dul ann); réidh, críochnaithe (tá an duine bocht socair)
bualadh fút ar shuíochán nó ar an talamh; bheith i seisiún (suí ar choiste; tá an chúirt ina suí); socrú síos (suí ar thalamh duine); éirí (an bhfuil sé ina shuí fós?); fanacht suas (suí le duine tinn); ligean ar cíos (talamh a shuí le duine); suíomh, socrú, bunú (shuigh sé campa ann; shuigh sé cíos orthu); áitiú (shuigh sé go daingean orm é); áit, loc (faire, suí seilge; suí rí); cathaoir, oifig (suí easpaig, an Suí Naofa)
púdar dubh (carbón sa chuid is mó de) a fhanann i simléir etc., i ndiaidh tinte
gar do (fan i mo threo; cuir na leabhair i dtreo a chéile); in ord (tá gach rud i dtreo anois)
leacht greamaitheach dubh a fhanann i ndiaidh siúcra amh a scagadh; molás
cré, gaineamh, gairbhéal etc., a thagann le huisce abhann agus a fhanann ar thalamh íseal