DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
bata crúcáin mar a bhíodh ag aoirí caorach sna scéalta, nó mar a bhíonn ag easpag mar chomhartha gur aoire spioradálta é; lúibín gruaige
gruaig ghairid; frainse tosaigh gruaige; eireaball bearrtha
géag crainn; brainse d'eagraíocht (craobh de Chonradh na Gaeilge); bua (an chraobh a bheith leat; craobh na hÉireann); dual gruaige; fraoch fada láidir
círín (éin); cnota, cocán (gruaige)
tor, tom, triopall (dos gruaige, dos cabáiste)
loca nó triopall gruaige, olla etc.; corda, corna
ciorcal nó aon ní i bhfoirm ciorcail, fonsa óir etc., a chaitear ar an méar; dual (gruaige); bogha gealaí, gréine (comhartha drochaimsire, más fíor); breacadh (fáinne an lae); suaitheantas i bhfoirm fáinne a chaitheann Gaeilgeoirí
nós na haimsire, go háirithe i gcúrsaí éadaigh, gruaige etc., a gcruth agus a ndéanamh; béas
fí; gréasán fite; trilseán (gruaige); ábhar matánach
frainse gruaige; gruaig scáinte gan slacht
stumpa seanchrainn; mothall, stoth gruaige
líon beag; líon mion (líontán gruaige)
brat olla caorach, mothall gruaige
píosaí de spúinse nó de chadás greamaithe ar bharr bata le hurláir a ghlanadh; mothall, ceann (mapa gruaige)
fionnadh fada ar mhuineál ainmhí; cúl fada gruaige; fás trom plandaí ar thalamh
brat tiubh gruaige nó fionnaidh
an brat tiubh teolaí clúimh a fhásann ar chaora (éadach olla); mothall gruaige; aon ábhar éadrom lomrach cosúil le holann (olann chruach)
ceann gruaige ar dhath an óir
biorán (pionna gruaige, srathrach); peig, biorán crochta (éadaí ar phionna; pionnaí pubaill); bloc beag adhmaid a úsáidtear mar chuspóir i gcluichí babhlála
fás tanaí cosúil le snáithe ar chraiceann duine nó ainmhí (ribe gruaige, ribe clúimh); guaire (ribe féasóige); cuma na feirge (ní maith an ribe atá air); gas féir, tráithnín, brobh; sreang gaiste (súil ribe)
ribe gruaige; snáithe; luid, giobal; pioc, blúire (níl ruainne ar a chnámha; ruainne tobac)
sraith (féir, arbhair etc.); triopall ar crochadh (slaodanna gruaige); scailp, babhta, néal (slaod tinnis, slaod codlata); rafta
codanna beaga a dhéanamh (de rud) (stróic sé ina dhá leath, ina phíosaí, é); tarraingt le fórsa, sracadh (stróic mé aníos as an talamh iad; ag stróiceadh a chuid gruaige); strácáil (tá sé ag stróiceadh leis); spalpadh (ag stróiceadh eascainí); stráice (stróiceadh mór oibre)
loca beag, binsín (féir, gruaige, bláthanna etc.)
dlaoi nó dual gruaige; strapa (trilseán oinniún)
moll, mogall, (caor, bláthanna, gruaige etc.); eireaball (gúna etc.)