DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ceart, cothrom (níl ceart ná cóir aige); cion nó sciar ceart (níor ith sé ach a chóir); freastal ceart (chuir sé cóir mhaith orm; cóir leighis a chur ar dhuine); bail cheart (tá gach ní i gcóir againn); feisteas nó fearas ceart (cóir oibre, cóir thaistil); gaoth fhabhrach (seoladh le cóir ghaoithe)
mír bhriathartha a léiríonn an aimsir chaite (d'ith sé agus d'ól sé a dhóthain)
an leagan de ní4 a úsáidtear de ghnáth leis an aimsir chaite (níor chreid sé mé; níor ith tú mórán; níor dheas an rud é)
abairt nó caint atá deacair a rá (mar - d'ith damh dubh ubh amh ar neamh)