DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
duine a bhácálann arán nó cístí milse don phobal
dea-ghuí do dhuine; seirbhís eaglasta ina mbeannaítear an pobal
ainm, clú, teist an phobail ar dhuine (tá cáil an léinn air); mianach, stuif, cáilíocht (ball maith é ina cháil féin); suim, méid áirithe, cuid (cáil amhrais)
oifigeach a scrúdaíonn ábhar clóite nó scannáin agus é de chumhacht aige a rá an bhfuil siad oiriúnach le scaoileadh i measc an phobail
aontas dá lán pobal nó stát éagsúil
feabhsú na hintleachta; staid sibhialtachta a bhaineann le pobal daoine
áireamh daoine a chónaíonn in áit, pobal
teach adhartha Dé ag pobal, teach pobail; aontas daoine ar aon chreideamh le chéile
airgead a íocann rialtas chun cabhrú le tionscal nó le seirbhís toisc an chabhair sin a bheith ar mhaithe leis an bpobal mór (ar nós airgead a íoctar chun praghas bia a choinneáil íseal)
bunaitheoir (pobail, institiúide)
duine de shliocht Iosrael, nó den phobal Eabhrach a leanann dá sainchreideamh féin
glór duine (chuala mé do ghuth); fuaim cheoil a théann le hamhrán (tá guth maith aici); fuaim cosúil le glór (guth na cuaiche); barúil a chuirtear in iúl (guth an phobail); cáineadh ó bhéal (ní bhfaighidh tú guth ná náire as); vóta (do ghuth a thabhairt)
an aicme daoine is ísle céim sa phobal
duine misniúil cróga; duine mór le rá i mbéal an phobail mar gheall ar a thréithe; an príomhphearsa fir i leabhar nó i ndráma nó i scannán
drong mhíleata i measc an phobail agus iad traenáilte le cabhrú leis an arm le linn géarchéime
díol earraí ar an mórchóir le siopaí lena ndíol arís ar mionreic leis an bpobal
áit a gcoinnítear bailiúcháin spéisiúla d'earraí stairiúla don phobal le breathnú orthu, iarsmalann
breith an phobail uile trí vótáil dhíreach
scoil chun freastal ar an bpobal uile i gceantar
oscailte don phobal nó a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne; gan a bheith príobháideach; i mbéal an phobail; coitianta, ginearálta
an pobal i gcoitinne; fógraíocht a chuireann duine nó rud in aithne don phobal
ceol a bhfuil an-tóir ag an bpobal air
a bhaineann le duine nó le daoine féin seachas leis an bpobal i gcoitinne; pearsanta; sicréideach
ceist á cur faoi bhráid an phobail go léir lena mbreith a fháil go díreach uirthi
ardphointe forbartha sóisialta agus cultúrtha i bpobal nó i dtír; béasaíocht, múineadh; síocháin
teach nó seomra a ndíoltar earraí leis an bpobal ann; (mar aid ) ceannaithe i siopa (bia, éadaí, siopa)
scata daoine le chéile; buíon (an slua sí; slua muirí); pobal (bheith i mbéal an tslua)
an teagasc a deir gur leis na daoine go léir le chéile saibhreas na tíre (talamh, tionscail, mianaigh, etc.) agus nach le húinéirí príobháideacha ar leithligh, agus gur cheart don phobal a shocrú conas a úsáidfear na hacmhainní seo
a bhaineann le muintearas idir dhaoine (club sóisialta, cruinniú sóisialta); a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne i gciall ar bith (go háirithe socruithe agus rialacha chun leas an phobail a chur chun cinn) (árachas sóisialta); a bhaineann le grúpaí nó aicmí daoine sa phobal de réir a gcéime nó a seasaimh sa saol etc.
tathant; gríosú, saighdeadh (an pobal a spreagadh); múscailt (an chuimhne, mianta, a spreagadh); cur suas (spreag an diabhal é); tabhairt amach (ceol a spreagadh, ag spreagadh Béarla)
céim, gradam, seasamh etc. duine sa phobal nó in eagraíocht nó i ngrúpa
ceiliúradh Aifrinn i dtithe príobháideacha do phobal paróiste
foirgneamh cónaithe; foirgneamh poiblí (teach parlaiminte, teach pobail); struchtúr cosúil le teach (teach gloine, teach stiúrach)
scata eallaigh le chéile; dream nó pobal daoine
rogha duine arna léiriú go foirmiúil i dtoghchán; guth an phobail a léirítear le vótáil; an méid vótaí a chaitear; an méid airgid a vótáiltear mar chiste caiteachais (vóta an airm)