EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
síos aid & dob & rfh go dtí áit níos ísle (dul síos an staighre, síos chun na trá); ar crochadh nó ar sileadh (bhí a gruaig síos léi); ó thuaidh (síos go Cúige Uladh) ► síos suas trína chéile; mór, muinteartha (ag déanamh síos suas liom) ► síos siar buailte, cloíte
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
taobh isteach amach, taobh síos suas
bogadh síos is suas go tapa; gruaig nó fál a ghearradh go gairid
taobh síos suas; iompaithe tóin thar ceann; contrártha, mícheart
coiscéim; ardú (céim suas); ísliú (céim síos); ardú amháin i staighre nó i ndréimire; aonad tomhais (céim teochta, fiche céim celsius, uillinn tríocha céim); seasamh nó stádas saoil (céim chreidiúna, íseal i gcéim); gradam ollscoile (céim B.A.); cruatan (céim chrua)
bualadh síos suas (ar nós éan lena sciatháin)
líne a léiríonn cad é mar atá luach ruda ag dul suas nó síos thar thréimhse áirithe
casadh, tiontú (do cheann a iompú); an taobh isteach amach nó an taobh síos suas a thabhairt de rud; cur nó coinneáil uait (fearg a iompú); filleadh (d'iompaigh an slaghdán orm); athrú (d'iompaigh sé bán, ina Chríostaí); camhrú, imeacht géar, searbh (tá an fheoil, an bainne, iompaithe)
maide a d'oibrítí síos suas sa chuigeann le him a dhéanamh; píosa cruinn miotail a shleamhnaíonn síos suas i sorcóir folamh i gcaidéal, in inneall gluaisteáin etc.
clár fada a bhfuil taca faoina lár agus a dtig le beirt pháistí suí ar gach ceann de agus a bheith síos suas leis ar a seal
bualadh fút ar shuíochán nó ar an talamh; bheith i seisiún (suí ar choiste; tá an chúirt ina suí); socrú síos (suí ar thalamh duine); éirí (an bhfuil sé ina shuí fós?); fanacht suas (suí le duine tinn); ligean ar cíos (talamh a shuí le duine); suíomh, socrú, bunú (shuigh sé campa ann; shuigh sé cíos orthu); áitiú (shuigh sé go daingean orm é); áit, loc (faire, suí seilge; suí rí); cathaoir, oifig (suí easpaig, an Suí Naofa)