DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
ciúnú, lagú anuas (nuair a shocraigh an stoirm); suaimhniú (ag socrú chun suain); luí, lonnú (shocraigh sé síos anseo; lig don bhia socrú ar do ghoile); deasú, a dhéanamh socair (socraigh cosa an bhoird); réiteach, cinneadh (teacht ar shocrú; lá a shocrú); críochnú (shocraigh an buille sin é); deisiú; plean, seift (socruithe sochraide)