DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
cailín a bhíonn ag freastal ar phaisinéirí ar bord eitleáin
bord Aifrinn, bord Comaoineach
cluiche a imrítear le cleathóg agus trí liathróid ar bhord a bhfuil éadach mín glas air agus pócaí ar a chúinní agus ar a dhá thaobh
suíochán fada adhmaid; bord oibre (binse siúinéara); suíochán breithimh i gcúirt dlí; bruach (móna); seilf (chloiche)
dul nó cur ar bord loinge; cur fút i dteach ar lóistín; cúrsa fiarlán á thógáil ag bád seoil in aghaidh na gaoithe, tornáil
bothán adhmaid nó garbhábhair eile; seomra beag d'oifigigh nó do phaisinéirí ar bord loinge nó eitleáin
gléas rothlánach ar ché nó ar bord loinge le cáblaí troma a tharraingt isteach
duine atá i gceannas cruinnithe nó atá ina phríomhfheidhmeannach ar bhord nó ar choiste
píosa tanaí leathan adhmaid (clár dubh, clár smúdála); bord, cuntar; clúdach pota nó bosca, claibín; dromchla leibhéalta (clár éadain, clár droma); machaire (clár Fódla); tábla, liosta (clár ainmneacha, clár ama); léiriú raidió nó teilifíse
torann gliograch mar a dhéanfadh gréithe boird
ball troscáin sa seomra bia a choinníonn gréithe boird, éadaí boird etc.
(cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa)
aon bhord, aon bhéile le duine, comhluadar (bheith i gcuibhreann duine); cion, roinnt; gort curaíochta
fágáil ina luí nó ina shuí nó ina sheasamh ar (cuir ar an mbord é; chuir sé ar mo chosa mé); seoladh ar aghaidh chun (duine a chur ar turas); ionad a thabhairt ar (cuireadh ar an bhfoireann é); tabhairt ar staid áirithe (ná cuir ar meisce iad; cuir na héadaí ar triomú); bualadh ar (cuir clár air; chuir mé stampa ar an litir; cuir ort do chuid éadaigh); tabhairt i bhfeidhm (ord a chur ar rudaí); bheith ina chúis le (chuir sé an slaghdán orm; ná cuir fearg orthu); leagan ar (cuireadh cáin orainn); cuir i leith (ná cuir an locht ormsa); cur chuig (cuir ceist air); brú ar (chuir siad troid orainn); ligean amach ar (chuir sé béic orm); tathant ar (chuir sí an bia air le spúnóg); a leagan ina gheall ar (airgead a chur ar chapall); aistriú go (cuir Béarla air); goilleadh ar (tá a chroí ag cur air)
cur chomh fada le (daoine a chur chun boird); cur os comhair (cuir chuige an t-arán); úsáid le haghaidh (cuir chun tairbhe duit féin é); tabhairt faoi (cur chun oibre)
an taobh deas de bhord loinge agus tú ag breathnú chun cinn
bord chun léitheoireachta nó scríbhneoireachta
ball troscáin sa chistin a gcoinnítear gréithe boird air
aghaidh, an chuid den aghaidh os cionn na súl; aghaidh aon ruda, dromchla réidh; tóin (éadan bairille); ceann (éadan boird, dhá éadan an halla)
thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi)
mórchroíoch, flaithiúil, maith ag roinnt le daoine; fairsing, flúirseach (bord fial)
leacht searbh boird, a dhéantar as saghdar, fíon etc., agus a úsáidtear mar phicil torthaí agus mar anlann sailéid
ábhar mar a bhíonn i bhfuinneoga a ligeann an solas tríd; scáthán; (iol ) spéaclaí; árthach gloine (gloiní boird) nó a lán sin (gloine fíona, gloine uisce)
soithí tí, árthaí cócaireachta nó boird
cineál de leadóg a imrítear laistigh ar bhord mór le liathróid agus raicéid bheaga
brat beag urláir (Usáidtear mataí beaga ar bhoird faoi phlátaí freisin)
árthach cruinn nach bhfuil domhain agus a gcoinnítear bia nó deoch ann; cúrsa boird (mias oisrí)
gan ardáin ná ísleáin (machaire mín); gan a bheith garbh (bord mín; leiceann mín); fíneálta (éadach mín); síodúil, plásánta (teanga mhín); mion (plúr mín, cíor mhín); caoin, ciúin (ainnir mhín)
píosa línéadaigh nó páipéir a úsáidtear ag an mbord le cuimilt den bhéal agus de na méara; ciarsúr
miotal de mheascán stáin agus luaidhe a ndéantar oirnimintí, mugaí agus gréithe boird as
séideadh le torann trom; briseadh as a chéile go tobann; bualadh (phléasc sé an bord)
glasra boird comónta a fhásann faoi ghais i dtalamh i bhfoirm tiúbar
árthach beag do shalann boird, sainsiléar
éadach boird; cuilt leapa
teach uachtarach na parlaiminte i dtíortha áirithe; an bord stiúrtha ar ollscoileanna áirithe
cluiche a imrítear ar bhord billéardaí le cleathóga agus le liathróidí
ciúnú, lagú anuas (nuair a shocraigh an stoirm); suaimhniú (ag socrú chun suain); luí, lonnú (shocraigh sé síos anseo; lig don bhia socrú ar do ghoile); deasú, a dhéanamh socair (socraigh cosa an bhoird); réiteach, cinneadh (teacht ar shocrú; lá a shocrú); críochnú (shocraigh an buille sin é); deisiú; plean, seift (socruithe sochraide)
bainisteoir ar theaghlach, ar eastát nó ar mhaoin duine eile; maor soláthairtí nó bia ar bord loinge
bord; bailiúchán figiúirí nó fíricí leagtha amach ina gcolúin (tábla méadaithe); liosta fíricí
faoi do bhun, in íochtar, in áit íseal (thíos sa ghleann; thíos i bpoll, i mo phóca); níos faide síos (an ceann thíos den bhord); thuaidh (thíos i Málainn); scríofa, breactha, síos (tá sé thíos sa leabhar aige); ar an tine (tá an citeal thíos agam); cloíte, chun deiridh (ní tusa a bheidh thíos leis ach mise)
siota báid; bord deiridh báid
coimeádán leathan leibhéalta agus ciumhais ardaithe amuigh air chun bia nó deoch nó gréithe boird a thabhairt thart
earraí inaistrithe tí (boird, cathaoireacha, leapacha etc.)