Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: aoi · faob · faod · faoil · faoin
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
EXACT MATCHES IN AN FOCLÓIR BEAG
faoi rfh thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi) faoi mar amhail is (faoi mar ba ghnáth leis) faoi + a4 = faoina; faoi + an = faoin; faoi + ar = faoinar; faoi + ár2 = faoinár
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
poll isteach faoi charraig, poll gliomaigh
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
tomhas talún, 4,840 slat chearnach nó beagán faoi dhá chúigiú de heicteár
faoi ádh, ámharach
i gcomhair, faoi choinne
brón gur tharla rud mar a tharla sé; náire, ceann faoi
seomra atá díreach faoi dhíon tí; lochta, gailearaí
(sa ghramadach) an rud a dtugann an briathar faisnéis faoi
faoi ainriail, a bhaineann le hainriail
faoi scéin, fiáin glan
buairt faoi rud éigin a rinne tú nár cheart duit a dhéanamh; brón (tá aithreachas orm)
féilire, i bhfoirm leabhair de ghnáth, a thugann eolas faoin aimsir agus faoi nithe a tharlaíonn le linn na bliana
an t-aer a thógtar isteach sna scamhóga agus a bhrúitear amach arís; aer (tabhair m'anáil dom); tionchar (faoi anáil an Bhéarla)
ainnis, faoi anó
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
uirlis troda; uirlis oibre; airm le chéile (lucht airm); fórsaí troda faoi airm (arm na tíre)
beart faoi ascaill; triantán éadaigh curtha isteach in ascaill cóta etc. chun é a líonadh amach
an bonn crua atá faoi ithir
mar a bheadh smig faoi smig
mothú cineáltais agus trua do dhuine atá tinn nó faoi bhrón
bás a fháil faoi uisce de cheal aeir; tumadh nó suncáil faoi uisce; fliuchadh go mór; múchadh (tarta)
oifigeach faoi shirriam arb é a chúram páipéir dhlí a sheirbheáil i gcásanna áirithe agus earraí a thógáil i leith fiach gan íoc
fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach)
vótáil trí pháipéar a mharcáil agus a chur isteach i mbosca vótála faoi rún
uasal atá faoi bhun bíocunta i gcéim
ainmhí géarfhiaclach faoi fhionnadh mín agus eireaball leathan a ghearrann adhmad agus a dhéanann dambaí in abhainn
leac chloiche agus cabha fúithi istigh
gáire magaidh faoi dhuine; ceap magaidh
duine, neach, beo (an beo agus an marbh); beatha (le linn mo bheo); feoil íogair faoi ionga
píosa éadaigh a chuirtear faoi smig linbh lena bhrollach a choinneáil glan; naprún beag
fear uasal atá faoi bhun iarla i gcéim
faoi bhláth; néata, deas
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
carraigeacha faoi uisce nó gar do bharr uisce, scairbh
gléas chun aer a shéideadh faoi thine nó trí phíopaí orgáin etc.
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
dul nó cur ar bord loinge; cur fút i dteach ar lóistín; cúrsa fiarlán á thógáil ag bád seoil in aghaidh na gaoithe, tornáil
pionna adhmaid nó miotail sáite i mballa faoi sheilf
faoi dhéin, os comhair, os coinne
leithead mór éadaigh faoi bhlaincéid sa leaba
barra taca; grideall; sraith carraigeacha faoi uisce, scairbh
ainmhí liath oíche a chónaíonn faoi thalamh
faoi bhrú oibre; gnóthach
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
faoi bhuairt, faoi mhairg
fógra faoi shéala ón bPápa
teileagram a sheoltar trí chábla faoi thalamh nó ar thóin na farraige
glasra fada dearg a fhásann faoi thalamh, meacan dearg
teach mór daingean faoi bhallaí láidre cloiche agus thúir; pálás tí, cúirt
cur fút i bpuball amuigh faoin aer
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News