PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To quarrel about something, bheith in achrann faoi rud.
About what? What about? cad faoi?
To be uneasy about s.o., bheith imníoch faoi dhuine.
He was conspicuous by his absence, thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann.
I was nervous on his account, bhí mé imníoch faoi.
Fully accoutred, faoi iomlán airm.
F: Within an ace of, faoi aon do; faoi orlach do; i bhfoisceacht cnaipe do.
I deliver this as my act and deed, faoi mo láimh.
Acting play, dráma faoi choinne na hamharclainne; dráma inléirithe.
The actual position of affairs, an chaoi atá ar na gnóthaí faoi láthair.
To cast off the old Adam, droch-chlaonta an nádúir a chur faoi chois.
He is adamant (on this point), tá sé chomh dáigh le carraig chloiche (faoi seo).
Play adapted from the French, dráma ón bhFraincis faoi athchóiriú.
I adjure thee, (i) cuirim faoi bhrí na mionn thú; (ii) impím ort.
To administer an oath to s.o., duine a mhionnú, a chur faoi mhionn.
To admit s.o. to bail, duine a ligean faoi bhannaí.
In all her adornments, faoi iomlán a cuid gréibhlí.
To influence s.o. adversely, drochanáil a chur faoi dhuine.
A: To advertise s.o. of sth., rabhadh a thabhairt do dhuine faoi rud.
To advise s.o. of sth., rabhadh, faisnéis, a thabhairt do dhuine faoi rud.
F: Under the aegis of the State, faoi choimirce f an Stáit.
To pocket an affront, luí faoi easonóir.
I see what you're after, tuigim cad é atá fút.
To buy food against the winter, bia a cheannach faoi choinne an gheimhridh.
I set him all agog, chuir mé fuadar faoi; F: chuir mé an tine ar an bpíopa aige.
To agree with s.o. (about, in, a matter), teacht le duine, bheith ar aon intinn le duine (faoi scéal).
To be agreed (with s.o.) (on, about, sth.), bheith aontaithe, ar aon intinn le duine (faoi rud).
His hands were all mud, bhí a lámha faoi lathacha uile.
To own allegiance to a party, bheith faoi ghéillsine ag páirtí.
Alternations of rain and sun, grian agus báisteach faoi seach.
He made it his one ambition, ní raibh faoi ná thairis ach é.
F: (Of pers.) He cast, came to, anchor in Dublin, bhain sé faoi i mBaile Átha Cliath.
In another ten years, faoi cheann deich mbliana eile.
To give an answer to s.o. about sth., freagra a thabhairt ar dhuine faoi rud.
In anxiety for s.o., i mbroid faoi dhuine.
He was working like anything, bhí sé ag obair faoi mar a bheadh Dia á rá leis.
To appeal to the country, dul faoi bhráid an phobail.
It has not changed appreciably, níl aon athrú le tabhairt faoi deara air.
To approach s.o. on the subject of . . ., dul chun cainte le duine faoi . . .
He is tied to his mother's apron-strings, tá sé faoi shlat ag a mháthair.
To argle-bargle about sth., bheith ag cáiríneacht faoi rud.
They are arguing about it, tá siad ag sáraíocht ar a chéile faoi.
To bear, carry, arms, bheith faoi arm (agus éide); bheith ag saighdiúireacht.
To arm, dul faoi arm; dul i muinín airm.
Armed to the teeth, faoi iomlán airm.
Mil: Navy: Under arrest, faoi ghlas.
To entertain fears as to sth., bheith eaglach faoi rud, mar gheall ar rud.
As often happens, (faoi) mar a tharlaíos go minic.
To ask about sth., faisnéis a chur faoi rud.