EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
anything, pron. & s. 1 Aon ní, rud ar bith. Can I do anything for you? an bhfuil rud ar bith a thiocfadh liom a dhéanamh duit? Is there anything more pleasant than...? cá bhfuil an rud is aoibhne ná...? If anything should happen to him, dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air. 2 (In neg. sentences) He doesn't do anything, ní dhéanann sé rud ar bith, aon ní. Without doing anything, gan faic a dhéanamh. He has hardly anything, is ar éigean má tá dada aige. 3 (No matter what) He eats anything, íosfaidh sé an uile rud, rud ar bith. Anything you like, cibé rud is rogha leat. Was he satisfied? an raibh sé sásta? He was anything but satisfied, ní raibh ná cuid de shásta. He is anything but mad, níl sé ar mire, cibé ar bith eile atá air. S.a. BUT 3, ELSE, IF 2. 4 Adv. phr. (Intensive) F: Like anything. He ran like anything, d'imigh sé an méid a bhí ina chnámha. It is raining like anything, tá sé ag cur mar a bheadh an díle ann. He was working like anything, bhí sé ag obair faoi mar a bheadh Dia á rá leis. ► As anything. As easy as anything, chomh furasta lena bhfaca tú ariamh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He will never achieve anything, ní thiocfaidh sé choíche in éifeacht.
I'll bet you anything you like, cuirfidh mé do rogha geall leat; cuirfidh mé a bhfuil agam leat.
v.i.He does not bother about anything, ní bhuaireann sé a cheann le rud ar bith.
Anything but that, gach uile rud ach sin.
He is anything but a singer, cibé rud eile é ní amhránaí é.
(At the customs) Have you anything to declare? bhfuil rud ar bith le hadmháil agat?
Are you doing anything to-morrow, an mbeidh aon rud ar siúl agat amárach?
Anything else, aon rud eile.
He had neither money nor anything else, ní raibh airgead ná eile aige.
Let him eat anything he fancies, itheadh sé cibé rud is rogha leis.
He is game for anything, níl aon ní róthe ná róthrom dó.
Do not gloss over anything! ná déan leithcheal ar aon rud! ná tabhair faillí in aon rud.
He can turn his hand to anything, tá lámh ar an uile chineál aige.
If anything happened to you, dá n-éireodh tubaiste ar bith dhuit; dá gcaillfí thú.
It is short, if anything, ar a ghiorracht, tá sé mós gearr, is mó is gearr é.
I never saw anything like it, ní fhaca mé riamh a leithéid.
F: He ran like anything, like blazes, like the (very) devil, like mad, rith sé in ainm an diabhail, le luas lasrach.
He thinks he can do anything he likes, is dóigh leis go dtig leis a rogha rud a dhéanamh.
Nobody that was there heard anything, níor chuala aon duine dá raibh ann a dhath.
Oddly enough, nobody knows anything about it, an rud is aistí faoi, níl aon eolas ag aon duine faoi.
Have you anything on this evening? an mbeidh rud ar bith ar bun anocht agat?
He was anything but pleased, dheamhan sásamh ná sásamh bhí air.
I would prefer anything to it, ní lú liom an domlas ná é.
Anything rather than . . ., aon rud ach . . .
He will do anything in reason, déanfaidh sé rud cothrom ar bith.
Have you said anything about it to him? ar labhair tú leis air?
He scarcely thinks of anything else, níl mórán eile, is beag, ar a intinn aige ach é.
In anything of a sea . . ., i gcineál ar bith mórtais . . .
She would do anything rather than let him go, dhéanfadh sí rud ar bith ach ligean dó imeacht.
He thinks he may do anything, tuigtear dó go dtig leis a rogha rud a dhéanamh.
I have not done anything to anger him, ní dhearna mé a dhath a chuirfeadh fearg air.
F: She is up to anything, níl a dhath mór aici.
Anything that comes my way, rud ar bith a thitfeas liom, a thiocfas i mo líon.
He won't say anything whatever, ní dhéarfaidh sé oiread agus focal, rud ar bith.
I wouldn't wish it for anything, ní cheadóinn ar an saol é.