TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
anger1, s. Fearg f, olc m, corraí f. Fit of anger, tallann f, racht m, feirge. He did it in anger, as fearg a rinne sé é. He was in great anger, bhí sé ina cholg nimhe, i mbarr a chéille, le cois.
anger2, v.tr. Cuirim fearg, corraí, olc, ar (dhuine).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Ablaze with anger, ar lasadh le fearg.
Anger had bereft him of speech, níor fágadh focal ann le teann feirge.
Blaze of anger, racht m feirge.
F: He blazed with anger, chuaigh sé as a chranna cumhachta le fearg.
To bottle up one's anger, greim a choinneáil ar d'fhearg.
His anger knew no bounds, ní raibh ríomh lena chuid feirge.
His anger broke loose, tháinig rabharta feirge air.
When his anger calmed down, nuair a shíothlaigh a fhearg.
He was carried away by anger, fuair an fhearg bua, an ceann is fearr, air.
His face was convulsed with anger, bhí strainc feirge air.
To deprecate s.o.'s anger, impí ar dhuine gan a bheith feargach.
To be disposed to anger, bheith tugtha d'fhearg.
Flash of anger, spadhar m feirge.
Frenzy of anger, cuthach m feirge, straidhn f.
Gust of anger, racht m feirge.
Hence his anger, sin fáth a chuid feirge.
To leap up with anger, bíogadh le fearg.
He became livid with anger, dhubhaigh agus ghormaigh air le teann feirge.
To move s.o. to anger, fearg a chur ar dhuine.
Outbreak of anger, taom m feirge.
His anger soon passed away, ba ghearr gur shíothlaigh a chuid feirge.
To provoke s.o. to anger, duine a chur le fearg.
He got purple in the face (with anger), dhubhaigh agus ghormaigh air (le teann feirge).
Quick to anger, sochorraithe chun feirge.
To give rein to one's anger, do racht a ligean amach.
Righteous anger, fearg fhíréin.
To save s.o. from s.o.'s anger, duine a chosaint ar fhearg duine eile.
ag buirbeáil le holc, He was seething with anger, bhí fiuchadh feirge air.
A sense of anger, mothú m feirge.
He is slow to anger, is doiligh fearg a chur air.
To stir s.o.'s anger, duine a chorraí chun feirge.
Suppressed anger, fearg shrianta.
A surge of anger, tonn feirge.
Swift to anger, sochorraithe, taghdach.
Through anger, as, le, buile; le teann feirge.
I have not done anything to anger him, ní dhearna mé a dhath a chuirfeadh fearg air.
Unchecked anger, fearg ainrianta.
To give vent to one's grief, one's anger, do racht (bróin, feirge) a ligean amach.
He vented his anger on me, lig sé amach an fhearg orm.
F: Wave of anger, tonn f, buinne m, racht m, feirge.
To tremble with anger, bheith ar crith le fearg.
To work off a fit of anger, tallann m feirge a chur díot.