TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
angry, a. Feargach, fraochmhar, colgach. He was angry at being kept waiting, bhí fearg air cionn is gur baineadh moill as. He got angry, tháinig fearg f, olc m, air. He was angry with me, bhí sé i bhfeirg liom, bhí colg air liom. To make s.o. angry, fearg a chur ar dhuine. Angry voices, glórtha feargacha. The angry sea, an fharraige chonfach, choipthe. An angry look, stiúir f feirge, colgfhéachaint f -ana. Angry sky, spéir cholgach. Med: Angry sore, cneá f athlasta. ► angrily, adv. Go feargach, etc.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is angry, tá sé le buile.
(Feeling) He was angry, happy, sorrowful, hungry, etc., bhí fearg, áthas, brón, ocras, etc., air.
He got angry, tháinig fearg air.
Angry glance, súil fheargach.
You can imagine how angry I was! d'fhéadfása a rá go raibh mo shá feirge orm! mura raibh fearg orm ní lá fós é.
To make s.o. angry, afraid, etc., fearg, faitíos, a chur ar dhuine.
He was right-down angry about it, bhí fearg dáiríre air mar gheall air.
What have I done that you are angry? céard a rinne mé go bhfuil fearg ort?