Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: glace · glaice · lance · geanc · glac
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh glance »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
glance1, s. 1 Sciorrbhuille m. 2 Súilfhéachaint f -ana, sracfhéachaint f, súil f; siolladh m (súile). I saw it at a glance, ba léir dhom d'aonamharc é; chonac i bhfaiteadh na súl é. At the first glance, ar an gcéad amharc. Angry glance, súil fheargach.
glance2, v.i. 1 a (Of bullet, etc.) To glance aside, glance off, sciorradh de; scinneadh de. b To glance back the rays of light, scáil a thabhairt ó ghathanna an tsolais; na gathanna solais a fhrithchaitheamh. 2 To glance at sth., at s.o. sracfhéachaint a thabhairt, súil a chaitheamh ar rud, ar dhuine. To glance up, down, súil a thabhairt in airde, síos. To glance over a book, rothail léite, ruathar léite, a thabhairt ar leabhar.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He gave a backward glance, bhreathnaigh sé i ndiaidh a chúil.
A cursory glance, sracfhéachaint f -ana.
Eager glance, catsúil mhiangasach.
To exchange glances, súilfhéachaintí a thabhairt ar a chéile.
He flashed a glance of hatred at me, chaith sé aon amharc amháin gránach liom.
A furious glance, súil bhuile.
A glancing eye, súil mhear.
F: Killing glance, súil threascrach.
Perfunctory glance, mearfhéachaint f -ana, spléachadh m.
I realized it at the first glance, d'aithin mé ar an mball é.
He let his glance rest on it, lonnaigh a shúil air.
To shoot a glance at s.o., spléachadh a thabhairt ar dhuine.
She threw a side-glance at me, bhreathnaigh sí i ndiaidh a leicinn orm.
To steal a glance at s.o., spléachadh fáilí a thabhairt ar dhuine.
A steely glance, amharc faobhrach.
To sum up the situation at a glance, an cás a mheas i bhfaiteadh na súl.
Sympathetic glance, amharc báúil.
He took it all in at a glance, thuig sé an t-iomlán sa nóiméad.
To throw a glance at s.o., spléachadh a thabhairt ar dhuine, súil a chaitheamh ar dhuine.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht