ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is a great asset to them, is mór an cúnamh dóibh é.
To assist s.o. in misfortune, cúnamh a thabhairt do dhuine atá in anás.
With the assistance of . . ., le cuidiú, le cúnamh . . .
To call upon s.o.'s help, cúnamh a iarraidh ar dhuine.
To contribute to charity, síntiús, cúnamh, a thabhairt do lucht riartha déirce.
Adm: Unemployment dole, cúnamh m dífhostaíochta.
To go on the dole, a bheith ag tarraingt cúnamh dífhostaíochta.
He enlisted the services of his neighbours, bhailigh sé cúnamh na gcomharsana chuige.
F: To play the fly on the wheel, cúnamh an dreoilín don fharraige; 'Nach mise a thóg an ceol! mar dúirt an chuileog i ndiaidh an chóiste.
With God's help, le cuidiú, cúnamh, Dé.
He was a great help to me, ba mhór an cúnamh dom é; ba mhaith agam é.
God helps him who helps himself, is maith le Dia cúnamh.
To lend s.o. aid, cúnamh a thabhairt do dhuine; teacht i gcabhair ar dhuine.
These agreements make for peace, cúnamh chun na síochána na socraithe seo.
Unemployed pay, cúnamh m dífhostaíochta.
Out(door) relief, cúnamh teaghlaigh.
F: To give s.o. a start, cúnamh chun tosaithe a thabhairt do dhuine.
God willing, le cúnamh Dé.