ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
On account of the war, as siocair, de bharr, an chogaidh.
That affected the course of the war, chuaigh sin i bhfeidhm ar chúrsaí an chogaidh.
It will be decided by the arbitrament of war, cogadh a shocrós é.
The arena of the war, compall m an chogaidh.
Armed ship, (i) long f armáilte (le haghaidh cogaidh); (ii) long phlátáilte.
The art of war, ealaín an chogaidh.
War of attrition, cogadh tnáite.
There was a war between them, bhí sé ina chogadh eatarthu.
Break between friends, cogadh m na gcairde.
The war broke out, thosaigh an cogadh.
F: To lead, conduct, a campaign against s.o., cogadh a chothú in aghaidh duine.
He submitted to the chance of war, chuaigh sé i bhfiontar an chogaidh.
Class war, cogadh aicmeach.
The Crimean War, Cogadh Chrimé.
The Crusades, Cogaí mpl na Croise.
To declare war, cogadh a fhógairt(on, against, ar).
Domestic warfare, cogadh m intíre, cogadh m cathartha.
For the duration (of the war), i gcaitheamh an chogaidh.
He embroiled the nation in war, tharraing sé cogadh ar an náisiún.
The eventualities of war, dánta an chogaidh.
Mil: Tactical exercises, cleachtaí beartaíochta (cogaidh).
On a war footing, mar a bheadh le linn cogaidh.
To force a nation into war, náisiún a thabhairt chun cogaidh dá ainneoin.
The fortune of war, cinniúint chogaidh.
We got talking about the war, thosaigh an chaint ar an gcogadh againn.
How is the war going? conas tá an cogadh ag imeacht, ag déanamh?
To go to war, cogadh a chur(with, ar) dul i gcogadh(with, le); dul chun cogaidh.
The war has not done us any good, ní fearrde sinn an cogadh.
The Great War, an Cogadh Mór.
War was impending, bhí cogadh ag bagairt.
Implements of war, trealamh, gléas, cogaidh.
Internecine war, cogadh díothaithe cine.
War to the knife, cogadh gan trócaire.
To levy war on s.o., cogadh a chur ar dhuine.
To make war, cogadh a chur ar siúl, a chothú.
War material, trealamh m cogaidh.
Those who menace war, an mhuintir a bhagraíonn cogadh.
Impers.It needed the horrors of war to open our eyes, níor mhór uafás an chogaidh chun ár súile a oscailt.
Ordnance and supplies, ordanás agus lón cogaidh.
He precipitated the country into the war, sháigh sé an tír isteach sa chogadh.
For a long time pre-war, i bhfad roimh an gcogadh.
(Battering-) ram, reithe cogaidh.
Regular set-to, cogadh dearg.
Hist: The Wars of the Roses, Cogadh na Rós.
War is the greatest scourge, is é an cogadh an scéin is measa ar domhan.
He went through the war without a scratch, chuaigh sé tríd an gcogadh gan cleite a chailleadh.
Seat of war, limistéar m an chogaidh.
Since the war things have settled down, tá an saol ag socrú ó stad an cogadh.