ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He confided to me that . . ., d'inis sé faoi rún dom go ...
There was mysterious talk of . . ., bhí cogarnaíl éigin faoi rún i dtaobh. . .
To keep a matter private, rud a choinneáil faoi rún.
Private and confidential, príobháideach agus faoi rún.
on the q.t. (=quiet) faoi rún.
F: Under the rose, faoi rún, os íseal.
To tell s.o. sth. under pledge of secrecy, rud a insint do dhuine i modh rúin, faoi rún.
To keep sth. secret, rud a choinneáil faoi rún; rún a dhéanamh ar rud.
To tell sth. as a secret, rud a insint i modh rúin, faoi rún.
As a great secret, faoi rún daingean.
Secret session, cruinniú faoi rún.
In strict confidence, faoi chuing rúin.
To swear s.o. to secrecy, duine a chur faoi mhionn gan rún a sceitheadh.
Secret vote, vótáil faoi rún.