Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: achan · anchaoi · nacho
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Knowledge accessible to everyone, eolas atá le fáil ag gach aon duine.
He can turn everything to account, is féidir leis tairbhe a bhaint as gach aon rud; dhéanfadh sé fíon as uisce na gcos.
Prov: Talk of angels and you will hear the flutter of their wings, tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).
Taking one thing with another, idir gach aon sórt.
Any but he would have refused, dhiúltódh gach aon duine ach é.
He has made all arrangements, tá gach aon rud socair aige.
He arranged matters as to please everyone, shocraigh sé na gnóthaí ar dhóigh a shásódh gach aon duine.
He averages eight hours' work a day, oibríonn sé ocht n-uaire sa lá, gach aon lá leis an lá eile; déanann sé ar meán, hocht n-uaire oibre sa lá.
He bathes every morning, téann sé ag snámh gach aon mhaidin.
Here everything betokens peace, tá cuma an tsuaimhnis ar gach aon rud anseo.
F: (Of pers.) He was blowing like a grampus, bhí gach aon tséideog aige mar a bheadh ag tarbh.
To ring the changes on a subject, gach aon ghné d'ábhar a phlé.
Everything is going like clockwork, tá gach uile shórt ag dul chun cinn bonn ar aon.
He is disliked by all, tá míghnaoi ag gach aon duine air.
Each man, gach fear, gach aon fhear.
Each one of us, gach duine againn, gach aon duine againn.
Each of us, gach aon duine againn.
On either side, ar gach aon taobh, ar an dá thaobh.
Everything else, gach aon ní eile.
Everywhere else, gach aon bhall eile.
Every day, gach lá, gach aon lá.
I expect him every minute, táim ag súil leis aon nóiméad, gach nóiméad.
Every bit as good as . . ., gach aon phioc, gach uile mhíle orlach, chomh maith le ...
Every one, gach (aon) duine, gach uile dhuine.
Every one of us, gach aon duine againn; gach uile dhuine againn.
Cf. EVERYONE. Every man for himself, gach aon duine ar a shon féin.
Everyday occurrence, (i) rud a tharlaíonn gach aon lá; (ii) gnáthrud m -a.
An everyday suit, culaith f chaite gach aon lá.
Everyone else, gach aon duine eile.
Everything in its place, gach aon rud ina áit féin.
It is to be expected that..., tá gach aon dealramh go ...
It's all fair and square, tá gach aon rud go macánta.
Every few days, gach aon chúpla lá.
It is all fixed up, tá gach aon rud socair.
For one enemy he has a hundred friends, in aghaidh gach aon namhad dá bhfuil aige tá céad cara.
The story gathered like a snowball, d'adaigh gach aon duine leis an scéal.
Everything gets known, faightear amach gach aon ní.
The water had got in everywhere, bhí uisce tríd ins gach aon bhall; bhí uisce istigh ann ó gach aon taobh.
To get round to every boy in the class, teacht fad le gach aon bhuachaill sa rang.
He sees only the gloomy side of things, ní thagann leis ach an taobh is measa de gach aon scéal.
She kept going oh! and ah! bhí gach aon ó! agus á! aistí.
Everything went off well, d'éirigh go maith le gach aon rud.
All are guided by him, déanann gach aon duine a riar, leanann gach aon duine é.
Here, there and everywhere, thart gach aon áit, i ngach aon bhall.
We expect him hourly, táimid ag súil gach aon nóiméad leis.
I expect him every instant, tá mé ag súil gach aon nóiméad leis.
The train jolted terribly, bhí gach aon chroitheadh millteanach á bhaint as an traein.
He laps up everything you tell him, slogann sé gach aon sórt a deirtear leis.
Just like anybody else, dála gach aon duine eile.
It is very likely to happen, tá gach aon dealramh air go dtarlóidh sé.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht