Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: ere · hare · her · Hera · herb
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh here »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
here, adv. 1 a Anseo. Stay here, fan anseo. In here, istigh anseo. Come in here, tar isteach anseo. Come here! gabh i leith! Up to here, aníos go dtí seo. About here, thart faoi seo. Near here, cóngarach don áit seo. From here to there, uaidh seo go dtí siúd. Between here and Derry, idir seo agus Doire. Christmas is here! tá an Nollaig againn! I must have it here and now, caithfidh mé a fháil ar an bpointe boise. Here goes! seo chuige! b (At roll-call) Anseo! My friend here, mo chara anseo. c Here below, ar an saol seo. d Here's your hat, seo (dhuit) do hata. Here I am! seo anseo mé! Here he comes! seo chugainn é! S.a. AGAIN 1. Here you are! (i) tá tú ann!; anseo dhuitse! (ii) seo dhuit! 2 (In drinking a health) Here's to you! bheirim do shláinte! Here's to the ladies! seo sláinte na mban! 3 (Exclamatory) Here you! tusa ansin! Here! Come up and help me! hóigh! aníos anseo leat ag cuidiú liom! Listen here! cogar i leith! 4 a Here and there, ansiúd agus anseo; anonn is anall. b Here, there and everywhere, thart gach aon áit, i ngach aon bhall. c F: That's neither here nor there, níl baint ar bith aige sin leis an scéal.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
About here, anseo sa gcomharsanacht.
Here we are again! ar ais arís!
He is nearly always here, bíonn sé anseo i gcónaí beagnach.
There are few amusements here, níl mórán anseo a thógfadh cian de dhuine.
Who is in authority here? cé atá i gceannas anseo?
(Position) He is here, tá sé anseo.
Here he is, seo chugainn é.
(Measure, etc.) It is two miles from here to Galway, tá sé dhá mhíle as seo go Gaillimh.
I belong here, as an áit seo mé.
Here below (on earth), ar an saol seo, abhus.
Here everything betokens peace, tá cuma an tsuaimhnis ar gach aon rud anseo.
What brought you here? céard a chas, a sheol, anseo thú?
He will be here by three o'clock, beidh sé anseo roimh a trí a chlog.
He ought to be here by now, by this time, ba chóir dó a bheith anseo faoi seo, um an dtaca seo.
Here he comes, seo é é! seo ag teacht é! seo chugainn é!
I'll continue here for a while, fanfaidh mé anseo go ceann tamaill.
We are too crowded here, tá muid róbhruite anseo.
It is a far cry from here to..., is fada an t-achar as seo go . . .
Here the rabbits are a curse, tá an diabhal ar na coiníní anseo.
Here everything denotes peace, tá cuma an tsuaimhnis ar gach rud anseo.
That won't do here, ní dhéanfaidh sin cúis anseo.
Down here, anseo thíos.
Down to here, anuas go dtí seo.
It is not here either, níl sé anseo ach chomh beag, ach oiread.
Does he ever come here? an dtagann sé anseo aon uair? an dtagann sé anseo ar chor ar bith?
How do you manage to exist here? conas in aon chor a mhaireann tú anseo?
He won't show his face here again, ní bheidh sé de dhánacht ann cos a leagan anseo arís.
It is fated that I should remain here, tá sé i ndán dom, de chrann orm, fanacht anseo.
Fetch it here, tabhair chugam anseo é.
Are you for staying here? an bhfuilir i bhfabhar fanacht anseo?
I have been here for three days, táim anseo le trí lá.
I have been living here for three months, táim trí mhí i mo chónaí anseo.
Here is news for you!, seo scéal nua dhuit!
Fishing is free here, tá cead iascaigh anseo.
He was here last Friday, bhí sé anseo Dé hAoine (seo caite).
Two miles from here, dhá mhíle as seo.
It is a full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
It is full five miles from here, tá sé cúig mhíle go maith as seo.
He’ll get here to-morrow, sroichfidh sé an áit seo amárach.
Get out (of here)! tóg ort!
F: Here's a rum go, a pretty go! nach diabhalta an scéal é seo! tá an diabhal ar fad ar an scéal seo.
What is going on here? cad tá ar siúl anseo?
It's a goodish step from here, tá sé achar maith as seo
The great thing is that he is already here, is mór is fiú é bheith anseo cheana féin.
Here's my hand on it! seo mo lámh duit air!F: margadh é!
Here stock-raising goes hand in hand with agriculture, bíonn tógáil beithíoch agus an churadóireacht ar siúl in éineacht anseo.
How does it happen that you are here? cad é a chas anseo thú?
You should start having a house built here, ba chóir duit teach a chur á dhéanamh anseo.
I had as soon stay here, bheinn chomh sásta fanacht anseo.
Here he comes, seo chugainn é.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht