Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: append · happy · haven · parpen · aen
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh happen »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
happen, v.i. 1 a Tarlaíonn, titeann amach. An accident happened, tharla timpiste. Don't let it happen again, ná tarlaíodh sé arís; ná bíodh sin amhlaidh níos mó. Just as if nothing had happened, go díreach mar nach mbeadh a dhath riamh de. Whatever happens, is cuma cad a thiocfas. How does it happen that you are here? cad é a chas anseo thú? It so happened that . . ., cad é tharla ach go ... As it happens, mar atá an scéal. It could happen, tharlódh sé, thiocfadh dó. b What has happened to him? céard a bhain, a tharla, a d'éirigh dó? céard a d'imigh air? If anything happened to you, dá n-éireodh tubaiste ar bith dhuit; dá gcaillfí thú. Something has happened to him, bhain tubaiste éigin dó. 2 To happen to do sth., rud a dhéanamh de thaisme. A man happened to be passing, d'éirigh d'fhear a bheith ag dul an bealach. The house happened to be empty, tharla go raibh an teach folamh. Do you happen to know...? b'fhéidir, bhfuil aon tseans, go mbeadh a fhios agat...? If I do happen to forget, más amhlaidh a ligim as mo chuimhne é. If I happen to be there, má chastar ann mé; má tharlaíonn ann mé; má tharlaíonn dom a bheith ann. If it so happens that . . ., más rud é go . . ., má tá i ndán go . . . 3 To happen upon sth., teacht ar rud, rud a fháil de thaisme. Where did you happen on it? cár éirigh sé leat?
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Prov: Accidents will happen, nuair a thig an chaill tig an fhaill; ní leithne an t-aer ná an timpiste.
F: Nothing happened to alloy our happiness, níor tharla rud ar bith a chuirfeadh smúit ar ár sonas.
If anything should happen to him, dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air.
As often happens, (faoi) mar a tharlaíos go minic.
It's bound to happen, níl seachaint le déanamh air.
I don't know exactly what happened, níl a fhios agam baileach céard a tharla.
It is not always the expected that happens, ní mar a síltear a bítear.
The only thing I ever had happen to me was ..., an t-aon rud a tharla riamh dom . . .
Things we cannot help (happening), rudaí nach bhfuil neart againn orthu.
While it was happening, agus é ag tarlú.
I have known it (to) happen, chonaiceamar a mhacasamhail roimhe.
This happened later (on), ina dhiaidh sin sea tharla seo.
It is very likely to happen, tá gach aon dealramh air go dtarlóidh sé.
It will not happen for a long time, is fada go dtarlóidh sé.
Nothing of note happened, níor tharla rud ar bith arbh fhiú trácht air.
It happens most opportunely, is ámharach, tráthúil, mar a tharlaíonn.
You must prevent that from happening again, caithfidh tú féachaint chuige nach dtarlóidh sin arís.
The reverse happens, a mhalairt ar fad a tharlaíonn.
At the same time that this was happening, le linn dó seo bheith ar siúl go díreach.
Should the occasion arise, should it so happen, dá mb'amhlaidh a bheadh; dá dtarlódh amhlaidh.
If it so happens that you are there, má tá i ndán go mbeidh tú ann.
I cannot for the soul of me say how it happened, ní fhéadfainn ar a bhfaca mé riamh a rá conas a tharla sé.
It all happened through John, Seán ba chúis leis an iomlán, faoi deara an t-iomlán.
F: One thing happens on top of another, tarlaíonn gach aon rud i mullach a chéile.
He was unperturbed by what happened, níor chuir ar tharla aon mhairg air.
I hope nothing untoward has happened, tá súil agam nár tharla aon ní as an tslí.
F: It won't happen again, I warrant you!, ní tharlóidh sé arís, mise faoi dhuit! mise i mbannaí air! gabhaimse orm nach dtarlóidh sé arís!
What happened to him was that . . ., an rud a tharla dó go . . .
What I expected has happened, an rud a raibh súil agam leis, tharla sé.
What happened to him? cad a d'éirigh dhó?
Tell me what happened to you, inis dom céard a d'éirigh dhuit.
If this happens, which God forbid, má tharlaíonn seo, agus nár lige Dia é.
Accidents will happen, bíonn an tubaiste ann; ní leithne an t-aer ná an timpiste.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht