Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: harpy · nappy · sappy · app · apply
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh happy »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
happy, a. 1 Sona, séanmhar, gliondrach. He is as happy as the day is long, tá sé ar a sháimhín suilt. Happy band of children, slua de pháistí lúcháireacha. I was happy in a son, bhí mac agam a bhí ina ábhar aoibhnis agam. To make s.o. happy, sonas a chur ar dhuine. Happy is he who . . ., is méanar don té ... I shall be happy to assist him, beidh áthas orm cuidiú leis. In happier circumstances, nuair a bhí (bheas, etc.) an scéal níos fearr. In a happy hour, ar uair an áidh. A happy death, dea-bhás m. 2 Happy phrase, rá tráthúil, oiriúnach.   happily, adv. Go sona, etc. He lived happily, bhí saol sona, sásta, aige. Happily, he did not die, go hádhúil le Dia ní bhfuair sé bás. She smiled happily, rinne sí gáire lúcháireach.
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Feeling) He was angry, happy, sorrowful, hungry, etc., bhí fearg, áthas, brón, ocras, etc., air.
Ecstatically happy, ar mire séin.
He is far from happy, is fada uaidh a bheith sásta.
To do sth. in a happy-go-lucky fashion, rud a dhéanamh ar nós chuma liom.
In a happy hour, go hádhúil.
F: A happy hunting-ground for collectors, parthas ag bailitheoirí.
If they are poor, they are at any rate happy, má tá siad bocht féin tá siad sona sásta.
He has a happy knack of saying the right thing, tá deis a labhartha aige; tá sé fíorthráthúil ina chaint.
The least happy person, an té is lú sonas.
We live a happy life, tá saol sona againn; mairimid go sásta.
He looks happy, féachann sé sona; tá dreach sona air.
Pred: To make s.o. happy, hungry, sleepy, áthas m, ocras m, codladh m, a chur ar dhuine.
The golden mean, the happy mean, an mheasarthacht.
Happy medium, cothrom m cirt.
A happy New Year! bliain nua faoi mhaise dhuit (dhaoibh)!
The happy pair, an lánúin óg.
Radiantly happy, go gealgháireach.
F: She is relatively happy, tá sí sách, réasúnta, sona.
Many happy returns (of the day)! go maire tú an lá!
Happy thought! (is) maith an cuimhneamh é!
Those were happy times, b'aoibhinn a bheith beo an t-am sin; ba sona an saol é an uair sin.
He is happy to do it, áthas atá air a dhéanamh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht