TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
hard, I a. 1 Crua. To get hard, cruachan. Hard snow, sneachta cruaite. Hard muscles, matáin theanna. F: He is hard as nails, (i) tá miotal ar leith ann; (ii) níl trócaire ar bith ann. 2 Doiligh, deacair. He is hard to please, is doiligh a shásamh. He is hard of hearing, tá moill éisteachta air. I.C.E: The engine is hard to start, tá an t-inneall deacair a dhúiseacht, righin chun gluaiste. I find it hard to believe it, is doiligh liom a chreidiúint. 3 a (Of pers.) Géar, dian(to, towards, ar). Hard master, máistir géar. To be hard on s.o., bheith trom ar dhuine. He is hard on shoes, tá sé caifeach, trom, ar bhróga. b To call s.o. hard names, ainmneacha géara a thabhairt ar dhuine. Times are hard, tá saol crua ann. Hard fact, an fhírinne lom. He has a hard time of it, tá saol anróiteach aige. F: Hard lines! hard luck! tá go dona! c Hard to the touch, crua le mothú. Hard water, uisce crua. U.S: Hard drinks, deochanna meisciúla. Phot: Hard print, prionta crua. 4 Hard work, obair anróiteach, throm. It is hard work for me to . . ., is deacair dom . . . Hard drinker, pótaire mór. Hard fight, troid chrua. Hard match, cluiche géar. It is a hard blow for him, is trom an buille air é. He tried his hardest, rinne sé a sheacht ndícheall. S.a. LABOUR1 1. 5 a Hard frost, sioc crua. Hard winter, geimhreadh crua. b W.Tel: Hard valve, cruachomhla f. ► hardly, adv. 1 Go crua, géar, etc. To deal hardly with s.o., bheith géar ar dhuine. Hardly-contested match, cluiche díbhirceach. c The victory was hardly won, bua ceannaithe a bhí ann. 2 a She can hardly read, níl ann ach, ní mó ná, go dtig léi léamh. He had hardly escaped when . . ., ní raibh sé ach éalaithe nuair . . . You will hardly believe it, ar éigean a chreidfeas tú é. I hardly know, ní mó ná go bhfuil a fhios agam. I need hardly say . . ., ní gá dom a rá . . . There was hardly anyone present, is ar éigean a bhí aon duine ann, Hardly ever, go fíorannamh, uair sa naoi n-aird He could hardly have said it, ní móide go ndúirt sé é. II ► hard, adv. 1 a Pull it hard, tarraing go teann é. He struck it as hard as he could, bhuail sé é le hiomlán a mheáchain. To throw a stone hard, cloch a chaitheamh le teannadh. To hit hard, bualadh go trom. He was looking hard at me, bhí a shúile sáite ionam. To beg hard, guí go dúthrachtach. To think hard, machnamh go domhain. To work hard, oibriú go crua. He is hard at work, tá sé ar a dhícheall ag obair. He is always hard at it, bíonn sé i gcónaí sáite ina chuid oibre. It is freezing hard, tá sé ag sioc go crua. It is snowing hard, tá sé ag plúchadh sneachta. b It will go hard with him, rachaidh sé rite leis. c Nau: Hard over! líon an stiúir! Hard a-port! iomlán ar do chlé! To be hard up (for money), bheith ar phócaí folamha; bheith scagáilte. To be hard up for sth., bheith go mór i riachtanas ruda. 2 Le dua, go duaisiúil. Hard-earned wages, tuarastal a saothraíodh le dua. S.a. DIE2 1. 3 Hard by, in aice láithreach. To follow hard on s.o., bheith sna sála ag duine. It was hard on midnight, bhí sé ag tarraingt ar an meán oíche; bhí an meán oíche ann ach sa bheag.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom.
It is as hard as a rock, tá sé ina charraig le cruas.
To bear hard, heavily, on s.o., (i) (of pers.) bheith dian ar dhuine; (ii) (of thg.) luí go trom ar dhuine.
It is blowing hard, tá géarbhach crua gaoithe ann.
Hard words break no bones, níl cáin sa bhuille nach mbuailtear.
He was breathing hard, (i) bhí sé ag tarraingt na hanála go hanacrach; (ii) bhí saothar air.
He had a hard bringing up, tógadh go crua é. S.a. UPBRINGING.
Close by, hard by, cóngarach, ar ghort an bhaile.
It is a hard case, is bocht an scéal é.
They died hard, throideadar go bás.
This superstition will die hard, is fada go gcuirfear cúl ar an bpiseog seo.
(Of food) To be hard of digestion, bheith dodhíleáite.
He has been hard done by, tá drochchor faighte aige.
To drink hard, heavily, ól go trom.
Hard-boiled egg, ubh chruabhruite.
It feels hard, soft, tá mothú cruais, boigeachta, ann; mothaíonn sé crua, bog.
It is freezing hard, tá sé ag cur sheaca go trom, tá sé ag sioc go tréan.
He went at it hard, thug sé faoi ar a mhíle dícheall.
Hard and fast rules, rialacha daingne.
A hard-bitten dog, trodaí teann de mhadra.
Hard-fought battle, cath crua géar.
He is hard-hearted, tá croí cloiche aige.
When the mortar is hard-set, nuair a bheas an moirtéal sioctha, cruaite.
Hard-won prize, duais cheannaithe, shaothraithe go maith.
He has been hard hit, tá sé creachta.
F: A hard row to hoe, iomaire atá doiligh a threabhadh; obair dhodhéanta.
Abs. Hold (hard)! stad! fóill!
To be hard to kill, bheith deacair a bhású, a mharú.
Jur: Hard labour, daorobair f.
As hard as he could lick, chomh tapaidh agus bhí ina chumas.
F: It's hard lines, is crua an cás é.
It's hard lines on you, tá sé dian ortsa.
Hard lines! tá sin go bocht! is mór an trua thú!
Hard luck! is mór an feall é! is bocht an scéal é!
Equit: Horse with a hard mouth, capall béal-láidir.
hard-nibbed pen, peann cruaghobach.
Hard of heart, cruachroíoch.
Nau: Hard over! líon an stiúir! cuir díot i!
Anat: (Hard) palate, carball m.
To press the enemy, hard, teannadh go crua ar an namhaid.
To press s.o. hard, dul go bog is go crua ar dhuine.
To be hard pressed, a bheith i dteannta, i sáinn.
To pull hard, tarraingt go tréan.
He was hard put to it to find a substitute, ar ing ar éigean a d'fhéad sé fear ionaid a fháil.
Rather hard, scothchrua, leathchrua.
Com: Article hard to get rid of, earra dodhíolta.
(Hard) roe, eochraí f (éisc).
Hard set, téachta, daingean.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I am as tall as you, tá mé chomh hard leatsa.
Is it as high as that? an bhfuil sé chomh hard sin?
He was breathing heavily, (i) bhí sé ag tarraingt na hanála go hard; (ii) bhí anáil mhaslach aige, bhí saothar air.
The fortress dominates the town, tá an dún go hard os cionn an bhaile.
Early in the evening, go hard sa tráthnóna.
Early in the list, sa chuid tosaigh den liosta, go hard sa liosta.
To fly high, (i) eitilt go hard; (ii) F: bheith ardaidhmeannach.
It blew a gale, shéid an ghaoth go hard.
I am as tall as he is, tá mé chomh hard leis.
... in the highest degree, go hard-; go rí-, go sár-.
To aim high, aimsiú go hard.
To go as high as £2,000, dul chomh hard le dhá mhíle punt.
He was loud in his praises of the wine, mhol sé an fíon go hard, go spéir.
To call loudly for sth., glaoch go hard ar rud.
Mountainous seas, tonnta chomh hard leis na sléibhte; farraigí tógtha.
He is nowhere near as tall as you, níl sé baol ar chomh hard leat; níl sé in aon ghiorracht dá bheith chomh hard leat.
The moon was riding high in the heavens, bhí siúl faoin ngealach go hard sa spéir.
I am as tall as she is, tá mé chomh hard léi.
The tree that grows high, an crann a fhásann, a fhásas, go hard.
This high, an airde seo, chomh hard seo.
They praised him up, mhol siad go hard é.
To speak up, labhairt go hard; labhairt amach.
Up to £500, suas, chomh hard, le cúig chéad punt.