Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: brink · drinn · drunk · prink · rink
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh drink »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
drink1, s. 1 a Deoch f(g. dí). Food and drink, bia agus deoch. b To give s.o. a drink, deoch a thabhairt do dhuine. To have a drink, deoch a ól. Drink of water, deoch uisce. Will you have a drink? an ólfaidh tú deoch? Strong drink, braon crua. 2 Ól m, ólachán m. To take to drink, to be addicted to drink, bheith tugtha don ól. The drink question, ceist an ólacháin. To be in drink, the worse for drink, under the influence of drink, bheith óltach, bheith ar meisce, braon sa choiricín a bheith agat.
drink2, v.tr. Ólaim. 1 To drink water, wine, uisce, fíon, a ól. Will you have something to drink, an ólfaidh tú rud éigin? Fit to drink, inólta. He drank (of) the cup of joy, bhí saol sona (tamall) aige. To drink to s.o.'s health, sláinte duine a ól. S.a. DEATH, HEALTH. 2 Abs.I hear he drinks, cloisim go mbíonn sé ag ól. To drink hard, heavily, ól go trom. He drinks like a fish, d'ólfadh sé Loch Éirne, an chrois den asal.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To abandon oneself to drink, ligean leat féin leis an ól.
Addicted to drink, tugtha don ól.
We drank of the best, d'ólamar scoth na dí.
Drink has brought him down, is é an t-ól a rinne a chreach.
Drink it cold, ól as a fhuaire é.
Cool drink, deoch fhuar.
To drink a parting cup, deoch an dorais a ól.
Dead drunk, ar stealladh meisce.
He drank himself to death, thug sé a bhás féin leis an ól.
To drink the cup to the dregs, an cupán a dhiúgadh.
F: He drank it all in, (i) bhí a bhéal ar leathadh ag éisteacht leis; (ii) chreid sé gach uile fhocal de.
I didn't get a drop to drink, ní bhfuair mé fliuchadh mo bhéil.
He drowned his sorrow in drink, chuir sé cuimhne a bhuartha as a cheann leis an ól.
To get drunk, dul ar meisce.
He was dead drunk, ní raibh féith ná comhaireamh aige, ní raibh aithne a bheart aige.
He was blind drunk, bhí sé dallta, caoch ar meisce.
As drunk as a fiddler, as a lord, ar stealladh na ngrást.
Drunk and disorderly, ar meisce agus go mí-iomprach.
He was drunk with success, bhí a chloigeann tógtha le chomh maith is bhí ag éirí leis.
Drunk with carnage, ar mire ag an ár.
He does nothing except eat and drink, ní dhéanann sé pioc ach ag ithe agus ag ól.
He drank to excess, chuaigh sé thar fóir leis an ól.
He fell a victim to drink, fuair an t-ól an lámh in uachtar air.
He drank his fill, d'ól sé a shá, a dhóthain.
Finish up your drink! ól siar do dheoch!
Fit to drink, oiriúnach le n-ól, inólta.
Face flushed with drink, aghaidh chíríneach ag an ól.
He is fond of music, drink, tá dúil aige sa cheol, sa deoch; tá sé tugtha don cheol, don ól.
To drink from a cup, ól as cupán.
I'm gasping for a drink, táim spalptha leis an tart.
To give s.o. sth. to eat, to drink, rud a thabhairt le n-ithe, le n-ól, do dhuine.
He has given up drink, tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige.
He gave himself up to drink, luigh sé isteach ar an ól as éadan.
Given to drink, tugtha don ól.
(Drinking-) glass, gloine (chun óil).
The drink went to my head, chuaigh an t-ól i mo cheann dom.
He is far gone in drink, tá tonn mhaith ólta aige; tá ualach maith ar bord aige.
He drank more than was good for him, d'ól sé braon thar an gceart.
To drink (to) the health of s.o., sláinte duine a ól.
We ate and drank to our heart's content, bhí muid ag ithe agus ag ól go raibh muid subhach sách.
Hopelessly drunk, dallta ar meisce.
Drinking horn, corn m.
He talks as if he were drunk, tá sé ag caint mar a bheadh sé ar meisce.
To indulge in drink, luí isteach ar an deoch.
Under the influence of drink, agus an t-ól ag oibriú air (orthu, etc.).
A drink with a kick in it, deoch a bhfuil brí inti.
Would you like a drink? an ólfá deoch?
To drink the loyal toast, sláinte an rí a ól.
He might have offered me a drink, is iomaí a leithéid a thairgfeadh deoch do dhuine.
Let the horse loose that he may get a drink, lig a ceann leis an gcapall go bhfaighidh sí deoch.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht