Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: finis · Finnish · fiendish · finics · finid
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh finish »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
finish1, s. 1 Críoch f, deireadh m; ceann m cúrsa, ceann sprice. To fight (it out) to a finish, rud a throid go bun an angair. The finish of the season, clabhsúr an tséasúir. Turf: To be in at the finish, (i) fanacht leis an rás go ceann sprice; (ii) Ven: an fiach a leanúint go dtí a choscairt; (iii) F: bheith sa láthair ag an deireadh. 2 a Críochnúlacht f, slacht m –a (oibre). To put a finish on a piece of work, bailchríoch a chur ar phíosa oibre. b Treiscín m (in éadach). c Carp: Metalw: Slim-mhaisiú m.
finish2 . 1 v.tr. Críochnaím, cuirim deireadh le. Carp: Metalw: Slim-mhaisím. Wait till I finish doing this, fan go mbeidh deireadh agam leis seo. When I had finished my meal, nuair a bhí mo chuid caite agam. I have finished my journey, tá mo chúrsa tugtha agam. To finish off a piece of work, obair a chríochnú. To finish off a wounded beast, buille scoir a thabhairt d'ainmhí gortaithe. To finish s.o. off, sop is uisce a chuimilt do dhuine. He's finished! tá deireadh leis; tá a phort seinnte. Finish up your drink! ól siar do dheoch! 2 v.i. a Críochnaíonn; tagann chun críche, chun deiridh; tá deireadh le. His engagement finishes this week, tá a thréimhse istigh an tseachtain seo. The term has finished, tá an téarma rite. I shall have finished before you, beidh deireadh agam romhat. b It finishes in a point, tá sé ina bhior amuigh ina cheann. c He finished by calling me a liar, ba é críoch agus deireadh na mbeart gur chas sé an t-éitheach liom. d I have finished with you!, táim réidh leat! e Wait till I've finished with him, fan go mbeadsa réidh leis. f He finished, tháinig sé isteach (i rás). He finished fourth, chríochnaigh sé ar an gceathrú duine.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is all but finished, tá sé ionann is críochnaithe.
It is almost finished, tá sé ionann is, geall le, críochnaithe.
Rac: It was a close finish, bhí siad (na capaill, etc.) gob ar ghob, meidh ar mheidh, ag an deireadh.
I will come directly I've finished, tiocfaidh mé chomh luath géar agus a bheidh críochnaithe agam.
A highly finished piece of work, obair a bhfuil bailchríoch uirthi.
A finished speaker, cainteoir oilte.
A finished likeness, macasamhail chríochnaithe.
Carp: Finishing process, próiséas m slim-mhaisithe.
Sp: Finishing line, ceann m cúrsa, ceann sprice.
He got his work finished, d'éirigh leis a chuid oibre a chríochnú; chuir sé críoch ar a chuid oibre.
To get finished with sth., fáil réidh le rud.
F: It will give me all I can do to finish it, cuirfidh sé go dtí m'aonbheart mé é a chríochnú.
The great thing is to have the work finished in time, is é rud is tábhachtaí ná a chéile an obair a bheith críochnaithe in am.
If you have finished your work, you may go out, má tá do chuid oibre críochnaithe agat, féadfaidh tú dul amach.
To all intents and purposes, it is finished, tá sé críochnaithe, ionann's; tá sé ionann is críochnaithe.
I was just finishing my dinner, bhí mé ar dheireadh mo dhinnéir.
It is nothing like finished, níl sé in aon ghaobhar dá bheith críochnaithe.
It is more or less finished, tá sé ionann agus críochnaithe.
Have you finished? - More or less, bhfuil tú réidh? -is beag nach bhfuil.
They finished neck and neck, gob ar ghob a bhíodar ag teacht isteach dóibh.
To finish off a piece of work, obair a chur i gcrích.
Quite finished, críochnaithe ar fad.
Satin finish, cóiriú sróil (ar pháipéar, éadach, etc.).
No sooner had he finished than he was seized, ní raibh ann ach go raibh deireadh aige nuair rugadh air.
From start to finish, ó thús go deireadh.
He had a stiff job getting it finished, chuaigh sé rite leis a chríochnú.
Finishing stroke, buille scoir.
To finish your studies, do chuid léinn a chríochnú.
Rac: Thrilling finish, críochnú a raibh éirí croí ann.
To give the finishing touch(es), the final touch, to sth., bailchríoch a chur ar rud; an dlaoi mhullaigh a chur ar rud.
Try and finish it to-night, féach lena chríochnú anocht.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht