TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
off. I adv. 1 (Away) a A mile off, míle ar shiúl; míle as seo (sin). To keep s.o. off, duine a choinneáil ar gcúl, a choinneáil siar. To put s.o. off, (i) duine a chur ó dhoras; (ii) duine a chur as a bhuille. S.a. KEEP OFF, HOLD OFF. b (Departure) He went off, d'imigh sé leis; as go brách leis. It's getting late, I’m off, beidh mé ag imeacht, tá sé ag éirí mall. Be off! tóg ort! gread leat! They're off! siúd ar siúl iad. Off we go! chun bóthair linn! He went off (to sleep), thit sé ina chodladh. c Nau: Ar an bhfairsingeacht; ar an bhfeadh mhór. d Th: 'Off', laistiar. 2 a (Removal) To take off one's coat, do chóta a bhaint díot. Hats off! bainigí díbh na hataí. Off with your boots, caith díot na bróga. Off with his head! baintear an ceann de. 'Off' (steam, heating, etc.), druidte, curtha de; (light) múchta. I.C.E: The ignition is off, tá an adhaint as. (In restaurant) Fish is off (the menu), tá an t-iasc ídithe. The game is off, tá an cluiche caite suas; ní bheidh an cluiche ann ar chor ar bith. b The meat is slightly off, tá cor beag san fheoil. This beer's off, tá an leann seo leamh. c To finish off a piece of work, obair a chur i gcrích. (For 'drink off,' 'pay off,' 'polish off', etc., see verbs). 3 To be well off, bheith go maith as. To be badly, poorly, off, bheith ar an anás. I am badly off for clothes, is crua atá culaith éadaigh de dhíth orm. He is better off where he is, is fearr dó an áit a bhfuil sé. He is worse off, níos measa atá sé. 4 Adv.phr.Off and on, on and off, anois agus arís. Right off, straight off, láithreach (bonn). II prep. 1 a To fall off sth., titim de rud. To take sth. (from) off a shelf, rud a bhaint anuas de sheilf. To eat off a silver dish, do chuid a ithe as soitheach airgid. To dine off a leg of mutton, ceathrú caoireola a bheith agat le do dhinnéar. To take sth. off the price, an luach a ísliú beagán. I’ll allow five per cent. off for ready money, ligfidh mé síos scilling sa phunt ar a gceannófar ar airgead. b A yard off me, slat uaim. Off the main road, i leataobh ón mbóthar mór. Fb: Player off side, imreoir as an imirt. S.a. POINT1 1. 3. c He is off his food, níl aon dúil ina bhéile aige. (Of alcohol) I'm off it, tá mé uaidh. I am off that work now, ní bhím ag plé leis an obair sin anois. He has a few hours off, tá cúpla uair scíthe aige. I have the day off, tá lá saoire agam. 2 Nau: a Off Howth, amach ó Bheann Éadair. b To sail off the wind, seoladh faoin ngaoth. 3 Off-white, i leith na báine, leathbhán. III a. 1 a Equit: etc: Off rein, horse, an srian, capall, deas. The off side, an taobh deas, amuigh. b Bookb: Off side, an taobh cúil. 2 Fo- (shráid, etc.). 3 Off day, (i) lá saoire; (ii) lá neamhghnóthach. Off season, séasúr m neamhghnóthach. 4 Off consumption (of intoxicant), ól m taobh amuigh. Off licence, eischeadúnas. 5 Art: Off cut, fuíollghearrthóg f.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To cast off the old Adam, droch-chlaonta an nádúir a chur faoi chois.
To show off sth. to advantage, an taobh is fearr de rud a chur amach.
Afar off, i bhfad ar shiúl.
He carried it off with an air, rinne sé go healaíonta é.
To cast off one's allegiance to a party, imeacht ó pháirtí, scaradh le páirtí.
He did, came off, badly, ní go maith a d'éirigh leis.
I came off badly in that affair, ní raibh mórán dá bharr sin agam.
To throw s.o. off his balance, (i) duine a chur dá chothrom; (ii) duine a chur thar a shnáithe.
Mind off its balance, intinn shiabhránach.
To strip the bark off a tree, crann a fheannadh.
F: He did it off his own bat, ar a chonlán féin a rinne sé é.
He went off at a rare bat, d'imigh sé an méid a bhí ina chraiceann.
He carried off the bays, rug sé an chraobh leis.
v.i. Nau: To bear off from the land, luí amach, coinneáil amach, ón talamh.
F: It's off my beat altogether, tá sé lasmuigh de mo raonsa ar fad.
To beat off an attack, ionsaí a chur ar gcúl.
House off the beaten track, teach scoite.
F: To bite s.o.'s head off, an tsrón a bhaint de dhuine.
Don't bite off more than you can chew, ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chumhdach.
To blow the dust off a book, an deannach a shéideadh de leabhar.
The wind blew his hat off, shíob an ghaoth a hata de; d'fhuadaigh a hata le gaoth.
To blow the dust off sth., an deannach a shéideadh de rud.
Mch: To blow off steam, gal a ligean amach, a shéideadh amach.
His hat blew off, d'imigh a hata de leis an ngaoth, d'fhuadaigh a hata.
It went off the boil, d'ísligh an ghal air, chuaigh sé ó fhiuchadh.
He was booed off the stage, cuireadh ón stáitse é le tréan faírigh.
(Of roads, etc.) To branch off, imeacht(from, ó).
The engagement is broken off, tá an cleamhnas briste.
To break off talking, stad de chaint.
To break off with s.o., cúl a thabhairt do dhuine.
He went off at a break-neck pace, d'imigh sé le luas lasrach.
To bring off a boat, bád a chur ar an snámh.
F: I have brought it off, d'éirigh liom.
To brush the dust off sth., an deannach a scuabadh de rud.
v.tr. (Of horse) To buck s.o. off, duine a chaitheamh (as an diallait).
Hockey: To bully (off), an crosbhualadh tosaigh a dhéanamh.
They bumped him off, chuir siad cos i bpoll leis.
To bundle s.o. off, duine a thiomáint chun siúil, duine a chur chun bealaigh.
I bunk off, do a bunk, ligim liom féin, caolaím liom.
To buy off s.o., duine a cheannach.
Tear-off calendar, block calendar, féilire m bloic; caileandar duilleach.
To call a cab (off the rank), glaoch ar chab ón stad.
To call off a strike, deireadh stailce a fhógairt.
To call off a deal, margadh a chur ar ceal.
To cannon off the red, athchnagadh den liathróid dhearg.
Carp: To cant off an angle, coirnéal a mhaolú.
To be off in full career, imeacht i mbarr na bhfáscaí.
To carry off the prize, an duais a ghnóthú.
F: He carried it off, (i) rinne sé cúis mhaith; (ii) thug sé an chraobh leis. S.a. AIR.