TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
quite, adv. 1 (Entirely) Go hiomlán, san iomlán, ar fad, amach is amach. Quite new, nua glan. Quite finished, críochnaithe ar fad. Quite the best one, an ceann is fearr ar fad. It is quite five days ago, tá sé cúig lá féin ó shin. Quite as much, an oiread ceannann céanna. Quite enough for you, do dhóthain go maith. You were quite right, bhí an ceart ar fad agat. Quite so!F: quite!, go díreach! I do not quite know, níl a fhios agam i gceart. I quite understand, tuigim go maith. 2 (Really) It is quite interesting, tá sé spéisiúil go maith. It is quite a romance, is geall le finscéal é. It was quite a surprise, ba mhór an chuid iontais é. Quite a number of people, riar mhaith daoine. S.a. LOT 4.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: He gave quite a good account of himself, rinne sé gnóthaí maithe; chruthaigh sé go maith.
I quite agree with you, tigim leat go hiomlán.
I am quite agreeable, tá mé lánsásta.
That is (quite) another thing, sin scéal eile (ar fad); F: sin coileán de phór eile.
He was quite apologetic about it, is é an chaoi ar ghabh sé leithscéal mar gheall air.
It is (quite) on the cards that . . ., thiocfadh dó go. . .
I didn't quite catch that, níor éirigh liom é sin a thuiscint i gceart.
I was quite clear-headed, bhí mo mheabhair go baileach agam.
Quite the contrary, a mhalairt ar fad.
They are quite decided about going there, tá siad meáite go daingean ar dhul ann.
To do sth. quite different, a mhalairt ar fad a dhéanamh.
That's quite a different matter, scéal eile ar fad é sin.
He doesn't feel quite himself, níl sé istigh leis féin.
To be quite frank with you . . ., gan aon fhiacail a chur ann . . .
He is quite frank, ní théann sé ar chúl scéithe leis an scéal.
It is quite a frequent practice, is gnáthchleachtadh é; tá sé á dhéanamh go coitianta.
These children are quite out of hand, níl múineadh ná stiúradh ar na páistí seo.
That is quite immaterial to me, is róchuma dhomsa sin.
He is quite innocent of Latin, níl a oiread is focal Laidine aige.
I had quite a job to get there, bhí obair agam an bealach a dhéanamh.
He didn't quite know what to say, ní mó ná go raibh a fhios aige céard a déarfadh sé.
Quite a lot, roinnt mhaith; cuid mhór.
He knows quite a lot about you, tá cuid mhaith eolais aige ort.
I saw quite a lot of him in Paris, chonaic mé minic go maith é i bPáras.
It is quite a luxury for us, ní gach aon lá a bhíonn a leithéid againn; is geall le Nollaig againn é.
That's quite another matter, sin scéal eile; sin athrach scéil.
A region quite new to me, réigiún nach raibh eolas ar bith agam air.
The subject is quite new, ábhar é nár pléadh fós.
I am quite positive on that point, tá mé dearfa, lánchinnte, faoi sin.
They are quite possible people, daoine sochaideartha iad.
To be quite rational, bheith ar do chiall ar fad.
Until quite recently, go dtí le fíorghairid.
F: It was quite refreshing to hear him, dhéanfadh sé maith duit éisteacht leis.
Are you quite restored to health? an bhfuil tú chugat féin arís?
Quite right! go díreach glan!
It's quite a romance, tá sé mar a bheadh finscéal ann.
He is quite his old self again, tá sé chuige féin arís.
I am not (quite) myself to-day, níl mé istigh liom féin inniu.
Quite so! just so! go díreach glan! A shilling or so, scilling nó faoin tuairim sin.
That is quite another story, sin scéal eile ar fad.
He is quite a stranger to me, níl aithne ná eolas agam air.
You are quite a stranger, is tú an strainséir!
He is quite taken up with her, níl ann ach í aige.
It's quite the thing, is é an faisean go cruinn é.
He is not feeling quite the thing this morning, níl sé aige féin mar is ceart ar maidin.
It gave me quite a thrill, chuir sé eiteoga ar mo chroí.
It is quite a treat to me to listen to him, pléisiúr liom bheith ag éisteacht leis.
The sight gave me quite a turn, chuir an radharc casadh aigne orm.
It is quite an undertaking, ní haon dóithín le dul ina bhun é.
It is quite unimportant, ní fiú trácht air, is beag an tsuim é.