Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: teat · threat · trat · treaty · tear
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh treat »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
treat1, s. 1 a Féasta m, coirm f, cóisir f. b F: This is my treat, ormsa an deoch seo. I'll stand treat all round, glaofaidh mé deoch dá bhfuil ann. 2 F: Pléisiúr m, aoibhneas m. It is quite a treat to me to listen to him, pléisiúr liom bheith ag éisteacht leis. To give oneself a treat, cineál a dhéanamh ort féin. A treat in store, pléisiúr atá i ndán. A rare treat, nuacht mhór.
treat2, I v.i. 1 To treat with s.o., dul chun socraithe le duine. To treat for peace, dul chun síocháin a shocrú. 2 To treat of a subject, cur síos, trácht, ar ábhar; ábhar a phlé. II   treat, v.tr. 1 Caithim, táim, le; tugaim bail, íde, ar; cuirim cóir ar. To treat s.o. well, bheith i do cheann maith do dhuine, caitheamh go maith le duine. To treat sth. badly, drochbhail a chur ar rud. Is that how you treated him? an é sin an bhail a chuir tú air? He treated it as a joke, lig sé amach ar ghreann é, rinne sé magadh de. 2 Seasaim, glaoim (deoch, etc.) do (dhuine). F: To treat oneself to a drink, deoch a cheannach duit féin. I'm treating, mise atá ag glaoch; is ormsa atá seo. 3 a Med: Cóireálaim, tugaim aire do. To treat s.o. for rheumatism, bheith i gcúram duine faoi na dathacha; cóir leighis dathacha a chur ar dhuine. b Ch: To treat a metal with an acid, aigéad a oibriú ar mhiotal. 4 Pléim (ábhar), tráchtaim ar (ábhar).
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To treat s.o. as a stranger, meas strainséara a thabhairt ar dhuine.
They treated him badly, chaith siad leis go dona.
He treated me with calculated insolence, mhaslaigh sé in aon turas mé.
They treated him like dirt, rinneadar spaid branraí de.
He treated me as an equal, bhí sé liom mar a bheadh sé lena chomhleacaí féin.
To treat a subject exhaustively, scéal a phlé go mion.
A fellow doesn't like to be treated like that, ní maith le duine go gcaithfí mar sin leis.
To treat a subject fully, ábhar a shaothrú go grinneall.
To treat s.o. harshly, lámh chrua a choinneáil le duine.
I won't have him ill-treated, ní ligfidh mé d'aon duine drochúsáid a thabhairt dó.
To treat s.o. with humanity, bheith dea-chroíoch le duine.
To treat s.o. with indignity, caitheamh go tarcaisneach le duine.
To treat s.o. according to his merits, caitheamh le duine de réir mar a bheadh tuillte aige.
He treated me in an off-hand manner, bhí sé giorraisc liom.
To treat s.o. roughly, bheith garbh le duine.
P: He treated me something shocking, thug sé ainíde i gceart orm.
We treat him somewhat as he treated us, tugaimid an riar céanna dó beagnach a thug seisean dúinne.
That is a treat in store, is maith a bheith ag súil leis.
To treat s.o., with sublime indifference, gan beann dá laghad a bheith agat ar dhuine.
F: They treated him like a toad under the harrow, choinnigh siad faoin mbráca é.
He was treated unjustly, rinneadh éagóir air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht