Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: caoch · catach · catchy · cath · cac
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh catch »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
catch1, s. 1 Breith f, greim m -eama, gabháil f. a Sp: Ceapadh m. b Catch of the breath, snag m anála. 2 a Fish: Gabháil f, marú m, baisc f, éisc. b He's a good catch, is maith an chuid mná é. c It's no great catch, is suarach an éadáil é. 3 Séis f, píosa m, cainte. 4 (On door, etc.) Laiste m, lúbán m; (of buckle) teanga f. 5 (Deception) Cleas m, cleasaíocht f. Catch question, ceist chleasach. 6 Mus: Rothlam m grinn. 7 Greamán m.
catch2 . I v.tr. 1 a Beirim ar, fostaím, ceapaim (duine, liathróid); sáinním, faighim greim ar (ainmhí, dhuine); maraím (iasc); beirim ar (an traein). I caught him by the shoulder, rug mé ar ghualainn air. Nau: (Of sail, etc.) To catch the wind, an ghaoth a ghabháil. S.a. BREATH, HAIR1. b = CATCH UP 3. c To catch s.o. doing sth., breith ar dhuine ag déanamh ruda éigin. F: Catch me (doing such a thing)! baol orm (a leithéid sin a dhéanamh). You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís! d We were caught in the storm, rug an stoirm orainn. The cart was caught in the bog, chuaigh an chairt á bá sa phortach. 2 a I was trying to catch his eye, bhí mé ag iarraidh a umhail a tharraingt orm. A sound caught my ear, bhuail fuaim mo chluas. The artist has caught the likeness, thug an t-ealaíontóir an chosúlacht leis go maith. b I did not catch what you said, níor chuala mé i gceart céard a dúirt tú. I didn't quite catch that, níor éirigh liom é sin a thuiscint i gceart. c Téim i bhfostú i, sciobaim, ardaím liom. A nail caught my skirt, chuaigh tairne i bhfostú i mo sciorta. The car caught two pedestrians, theagmhaigh an carr le beirt choisithe. 3 Tógaim, tolgaim (tinneas); tagaim isteach ar (ghnás). 4 a To catch s.o. a blow, buille a thabhairt do dhuine. b You'll catch it! tá tú ag tuar! tá sé faoi do chomhair! 5 (Entrap) Sáinním, cúinneálaim. You don't catch me! nach bog a d'fhásfadh an olann orm! II   catch, v.i. 1 To catch at sth., amas a thabhairt ar rud. 2 a (Of cog-wheel, door-bell, etc.) Beireann greim. b (Of fire) Adhnann. 3 Cu: To catch in the pan, greamú don fhriochtán.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
He was caught in the very act, thángthas air le linn na coire.
To catch alight, lasadh, dul trí thine.
Prov: The early bird catches the worm, is é an ceannaí moch a dhéanann an margadh.
To take, catch, the ball on the bounce, an liathróid a cheapadh ar a léim.
He caught his breath, baineadh an anáil de.
If the play catches on, má bhíonn éileamh maith ar an dráma.
To catch s.o. out in a lie, duine a fháil amach bréagach.
We were caught up in this wave of enthusiasm, scuab an taom dúthrachta seo leis sinn.
To catch s.o. up (in a speech), breith gearr ar dhuine,
To catch s.o. up, v.i. to catch up with s.o., teacht suas le duine, coinneáil le duine, breith ar dhuine.
He caught a chill, fuair sé fuacht.
You will catch your death of cold, tolgfaidh tú galar do bháis as an bhfuacht sin.
(Rowing) To catch a crab, (i) an rámh a ligean le huisce; (ii) fásbhuille a thabhairt.
You will catch your death, if you go out in this weather, gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir.
To have a disposition to catch cold, bheith tograch do shlaghdán.
It catches the eye, is cuid súl é, rud cuidsúlach é.
To catch John's eye, aire Sheáin a tharraingt.
(In Parliament) To catch the Speaker's eye, cead cainte a fháil ón gCeann Comhairle.
Her dress caught fire, chuaigh a gúna trí thine.
First catch your hare, ag cur síos pota na feola fia is an fia ar an gcnoc.
To catch flies, fanacht béaloscailte.
To catch sth. flying, breith ar rud san aer.
He caught a glimpse of it, fuair sé spléachadh air.
I only caught a glimpse of him, ní bhfuaireas ach spléachadh beag air.
Glottal stop, glottal catch, stop m glotais, scornáin.
He was caught off his guard, rugadh air ar a neamhaire, ar a mhíthapa; thángthas aniar aduaidh air.
First catch your hare, cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é.
To catch, lay, hold of sth., breith ar rud, greim a bhreith ar rud.
Won't you just catch it! nach romhat atá! nach tú a íocfas as!
She caught it in her lap, rug sí air ina binn.
Liable to catch cold, tograch d'fhuacht.
I caught a light in his eye, d'aithníos loinnir ina shúile.
No matter how fast you run you will not catch him, dá mhire rithfeas tú ní bhéarfaidh tú air.
To catch s.o. napping, (i) teacht gan fhios ar dhuine; (ii) breith maol ar dhuine.
I nearly caught him, is beag nár rug mé air.
He was caught red-handed, rugadh maol air; rugadh san fhoghail air.
To catch sight of sth., amharc a fháil ar rud.
(Of rabbit) It was caught in the snare, ceapadh sa dol é; rug an tsúil ribe air.
(Of pers.) He was caught in the snare, chuaigh sé sa dol.
I caught the sound of it, seoladh a ghlór i mo chluasa.
To catch s.o.'s spirit, ligean do mhisneach duine dul i gcion ort.
You have caught a Tartar, is é an ailím agat é; is é fuadach an chait ar an domlas agat é.
Thinking to catch him at home, ag brath ar bhreith air ag baile.
He was caught with his hand in the till, rugadh san ócáid air.
He was taken, got caught, in the toils, ceapadh sa dol é.
He was caught in his own toils, bhain sé slat a bhuail é féin.
It was touch and go whether we should catch the train, ní raibh ann go díreach ach gur rugamar ar an traein, is ar éigean a rugamar ar an traein.
To catch an animal in a trap, ainmhí a cheapadh i ngaiste.
He was caught in the trap, chuaigh sé sa líon, sa dol.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht