Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: brath · breadth · breathe · breathy · reath
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh breath »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
breath, s. Anáil f. To draw breath, anáil a tharraingt. It is the very breath of life to me, is ionann is beatha dom é. To have a bad breath, anáil bhréan a bheith agat. All in the same breath, in aon rabhán amháin. To hold one's breath, an anáil a choinneáil istigh. He was gasping for breath, bhí ag puthaíl. He caught his breath, baineadh an anáil de. To lose one's breath, to get out of breath, an anáil a chailleadh. You are wasting your breath, ag cur do chuid cainte amú. He is short of breath, (i) rite as anáil; (ii) giorra anála air. Out of breath, rite as anáil. It took my breath away, bhain an anáil díom. To take breath, anáil a tharraingt. He got, recovered, his breath, fuair an anáil leis. He said under, below, his breath, dúirt faoina anáil, i gcogar, faoina fhiacail. The first breath of Spring, céad bheos an Earraigh. There is not a breath of wind, níl aon phuth gaoithe ann. To let in a breath of air, deoladh m gaoithe a ligean isteach. Breath of stale tobacco, seanbholadh m tobac. S.a. AIR1 I. 1, BATE.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Breath of air, aithleá m gaoithe.
He spoke with bated breath, labhair faoina anáil.
Catch of the breath, snag m anála.
He was gasping for breath, bhí an anáil i mbarr a ghoib aige; bhí gaiseá ann.
To hold (in) one's breath, an anáil a choinneáil istigh.
He panted for breath, bhí saothar anála air.
To recover one's breath, d'anáil a fháil leat arís.
He ran himself out of breath, rith go raibh as anáil.
Scant of breath, giorranálach.
Not a breath stirred the leaves, bhí chomh ciúin agus nach mbogfadh duilleog ar crann.
There is not a breath of air stirring, níl aon smid gaoithe ann.
To stop s.o.'s breath, an anáil a bhaint de dhuine.
Sweet breath, anáil chumhra.
To take breath, anáil a tharraingt.
To speak under one's breath, labhairt i gcogar.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht