Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: sod · son · sonda · sou · sounder
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh sound »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
sound1, s. a Fuaim f; glór m; Ling: foghar m. Not a sound was heard, raibh fuaim le cloisteáil. The sound of his voice, foghar a ghutha. Th: Sound effects, seachghlórtha. b Within (the) sound of..., in éisteacht ... I caught the sound of it, seoladh a ghlór i mo chluasa. F: I don't like the sound of it, níl cuma rómhaith air mar scéal. c (The Science of) sound, fuaimeolaíocht f.
sound2, I v.i. 1 Déanann glór, fuaimníonn. The bell sounded, bhain an clog; buaileadh an clog. 2 It sounds like a drum, glór druma aige. It sounds hollow, glór toll aige. The name sounds French, blas Francach ar an ainm. It sounded a long way off, thaibhsigh an glór i bhfad ó bhaile; déarfá ar a ghlór go raibh i bhfad uait. That sounds well in a speech, cuireann sin maise ar óráid. It sounds like the truth, craiceann na fírinne air. II v.tr. 1 a Buailim (clog); séidim (adharc). b Fógraím (an fhírinne). S.a. PRAISE1 . 2 Fuaimním, foghraím (litir). To sound one'srs, fuaim a thabhairt do na 'r'-anna. 3 a Med: Éistím. b Tástálaim (roth traenach) le casúr.
sound3, s.Surg: Tóireadóir m, bior braite.
sound4 . 1 v.tr. a Nau: Grúntálaim, grinneallaim, saibhseálaim. b Surg: Tóraím (cneá). c I sounded him about it, bhraith é faoin scéal. To sound one's conscience, do choinsias a cheistiú. 2 v.i. (Of whale) Tumann go tóin.
sound5, s. Caolas m, sunda m, gaoth m (farraige).
sound6 . I a. 1 a Slán, folláin. Sound constitution, coimpléasc folláin. He is sound in body and mind, sláinte coirp agus intinne aige. He is not of sound mind, níl ina chiall. Sound horse, capall folláin. He is sound as a bell, sláinte an bhradáin aige; chomh folláin le breac. b I gcruth mhaith, tathagach. Sound timber, adhmad gan éasc. Sound fruit, torthaí folláine. 2 a A sound financial position, staid láidir, theann, i dtaobh airgid. He is a sound man, is maith an dóigh fiacha a íoc é. A sound statesman, státaire fónta, fiúntach, fuaimintiúil b (Of argument) Láidir, bunúsach. It is a sound rule to . . ., is céillí an gnás é . . . It isn't sound finance, aon bhealach ar fónamh é i ngnóthaí airgid. 3 Sound sleep, codladh sámh. To give s.o. a sound thrashing, greasáil ó thalamh a thabhairt do dhuine.   soundly, adv. 1 Go fúinniméadach, go céillí. To argue soundly, argóint a dhéanamh le réasún. 2 To sleep soundly, codladh go sámh, go trom. To thrash s.o. soundly, leithead a chraicinn a bhualadh ar dhuine. II adv. To sleep sound, codladh go trom, go sámh. S.a. ASLEEP 1.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To sound the alarm, an t-aláram a bhaint, an gháir a thógáil.
He is fast, sound, asleep, ina chnap codlata.
Nau: To sound a blast, an adharc a shéideadh.
Mil: To sound the boot and saddle, glaoch chun na diallaite.
Brassy sound, fuaim phrásach.
A sound caught my ear, bhuail fuaim mo chluas.
It sounds cracked, torann briste aige.
Dead sound, torann balbh.
The sound died away, chuaigh an torann as, i léig, diaidh ar ndiaidh.
Sound principles had been engrafted in him, fréamhaíodh prionsabail fhiúntacha ann.
A sound fell (up)on my ear, bhuail fuaim mo chluasa.
It looks, sounds, fishy, uisce faoi thalamh éigin ann; boladh an mhadra rua uaidh.
Grating sound, díoscán m.
Grinding sound, díoscán m, gliúrascnach f.
Gramophones: Sound groove, eitre na fuaime.
To hark to a sound, cluas a thabhairt do ghlór.
It sounds hollow, glór toll aige, uaidh.
To sound, blow, one's horn, an adharc a shéideadh.
He has sound, good, judgment, an-tuiscint aige.
Low sound, (i) torann íseal, domhain; (ii) torann beag, maol.
Air is the medium of sound, is é an t-aer meán iompair na fuaime; an t-aer a iompraíonn an fhuaim.
To be of sound mind, to be sound in mind, bheith ar do chiall cheart.
Sounds there were none save the barking of a dog, fuaim raibh le cloisteáil ach tafann madra.
To sound one's own praises, gaisce a dhéanamh; bheith do do mholadh féin.
There are sounds proceeding from the room, fuaimeanna le cloisteáil ón seomra.
Rasping sound, fuaim dhíoscánach.
Cin: Sound recorder, taifeadán fuaime.
Safe and sound, slán sábháilte.
Sound sleep, codladh trom, sámh.
A sound smote upon his ear, d'airigh glór tobann.
Sharp-sounding, (glór) géar, caol.
The sounding of the retreat, séideadh chun cúlaithe.
Walls that stop sounds, ballaí a bhánn fuaim.
A sound struck my ear, seoladh torann i mo chluais.
To beat, sound, the tattoo, dord na hoíche a sheinm.
It sounds tinny, cling an stáin aige.
We got a tossing in the sound, fuair muid drochthuairteáil ar an sunda.
Light travels faster than sound, is luaithe a ghluaiseann an solas an fhuaim.
The sound of a heavy tread, torann m coiscéime troime.
Air is the vehicle of sound, an t-aer a iompraíonn an fhuaim.
To waft a scent, a sound, through the air, boladh, fuaim, a iompar ar an aer.
Sound workmanship, feabhas ceirde.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht