ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adopted son, mac m altrama; Jur: uchtmhac m.
He had arranged with his son to . . ., bhí sé socair aige lena mhac...
His father avowed him for his son, d'admhaigh an t-athair gurbh é a mhac é.
She bore him three sons, bhí triúr mac aici leis. S.a. BORN.
He educated his son for the bar, chuir sé a mhac le dlíodóireacht.
From father to son, ó athair go mac.
Her first-born son, a céadghin mic.
He gave the farm over to his son, thug sé an fheirm dá mhac.
His title will go to his eldest son, an mac is sine aige a gheobhaidh an teideal ina dhiaidh.
His son has gone to the bad, tá a mhac imithe chun drabhláis.
I was happy in a son, bhí mac agam a bhí ina ábhar aoibhnis agam.
She had a son, bhí mac aici; rugadh mac di.
Her eldest son, an mac is sine aici.
That son of hers, an mac sin aici.
His eldest son, an mac is sine aige.
That son of his, an mac sin aige.
He read his son a lecture, léigh sé an liodán dá mhac.
He left a legacy to his son, d'fhág sé oidhreacht ag a mhac.
Like father, like son, ba dual athair dó.
He loved me like a son, bhí cion mic aige orm.
The son of the living God, mac Dé bhí.
That son of mine, an mac sin agam.
Mine only son, m'aonmhac.
Every mother's son, gach mac máthar.
My eldest son, an mac is sine agam.
My (son) John, Sean seo agamsa.
That fool of a son of his, an t-amadán mic sin aige.
The son of a king, mac rí.
My one son, m'aonmhac; mo mhac aonair.
And he her only son, agus í taobh leis de shliocht.
Our eldest son, an mac is sine againn.
That son of ours, an mac sin againn.
Pregnant with a son, trom ar mhac.
The Prodigal Son, an Mac Drabhlásach.
Myself and my two sons, mé féin is mo bheirt mhac.
As the father is so is the son, mar a bhíos an cú mór bíonn an coileán.
Son of the soil, fear tíre, tuaithe.
Family dependent upon a son for support, muirín i muinín mic lena gcothú.
His son does not take after him, níor lean a mhac é.
His son was telegraphed for, cuireadh teileagram faoi choinne a mhic.
Their eldest son, an mac is sine acu.
That son of theirs, an mac sin acu.
Thine only son, d'aonmhac.
Though he is my son . . ., ar a shon gurb é mo mhac féin é.
Thy eldest son, an mac is sine agat.
It is thy son who has come, is é do mhacsa a tháinig.
Thy eldest son, an mac is sine agatsa.
He has been much troubled about his son, fuair sé imní mhór de thairbhe an mhic.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Advocacy of a cause, pléideáil f ar son cúise; tacaíocht f le cúis.
To answer for (=instead of) s.o., freagairt ar son duine.
To speak in, on, s.o.'s behalf, labhairt ar son duine.
To bleed for one's country, do chuid fola a dhoirteadh ar son do thíre.
To work in a good cause, oibriú ar son dea-chúise.
To confound sth. with sth., rud a thógáil ar son ruda eile; dhá rud a mheascadh le chéile.
To contribute to the success of sth., oibriú ar mhaithe le rud, chun leasa do rud, ar son ruda.
He died for his country, fuair sé bás ar son a thíre,
In his defence, it may be said that. . ., ar a shon, ar a thaobh, is féidir a rá go . . .
He died a martyr to the cause, thug sé a anam ar son na cúise.
Prayers for the dying, paidreacha ar son na ndaoine atá ag fáil bháis.
Cf. EVERYONE. Every man for himself, gach aon duine ar a shon féin.
Prep.phr.In favour of. . ., i bhfabhar, ar son, ar thaobh.
The part for the whole, an chuid ar son an iomláin.
For all that, ar a shon sin (agus eile), tar éis an tsaoil.
For all that you should have let me know, ar a shon sin agus eile bhí sé ceart agat é a insint dom.
To labour for the common good, oibriú ar son leas an phobail.
Gratuitous lie, bréag ar son na bréige.
Com: Acceptance for honour, bille a ghlacadh ar son clú.
As if I would allow it! dar a shon go gceadóinnse é! i leith is go gceadóinnse é!
They work independently, oibríonn gach duine acu ar a shon féin.
To intercede (with s.o.) for s.o., idirghuí a dhéanamh (le duine) ar son duine.
To say sth. in jest, rud a rá ar shon grinn, mar mhagadh.
I did it for a joke, ar son grinn a rinneas é.
He took it lying down, ní raibh oiread agus focal as ar a shon féin.
To play a lone hand, (i) (at cards) imirt ar son do láimhe fhéin; (ii) F: treabhadh i d'aonar.
To play for love, imirt ar son an chluiche.
To marry money, pósadh ar son an airgid.
I meant it for a joke, ar son grinn a bhí mé.
I said it merely as a joke, ní raibh mé ach ar son grinn nuair a dúirt mé é.
He was the mouthpiece of the party, is é a labhair ar son an pháirtí.
This notwithstanding, dá ainneoin seo, ar a shon sin (agus eile).
That's a good one! tá sin ar a shon féin!
For pity's sake, ar son Dé.
To pray for s.o., guí ar son duine, ar dhuine.
Prayer for the dead, urnaí m ar son na marbh.
In recognition of..., ar shon...
To repay s.o. with ingratitude, míbhuíochas a thabhairt do dhuine ar son na maitheasa.
That is all I have as a result of it, sin a bhfuil ar a shon agam.
In return for this service . . ., ar son an ghar seo ...
To return a visit, cuairt ar son cuairte a thabhairt.
To take revenge for sth. on s.o., díoltas a imirt ar dhuine ar son ruda.
To talk for talking's sake, bheith ag caint ar son na cainte.
To pay off old scores, sásamh a bhaint amach ar son seanachrainn.
Security for a debt, geall ar son fiacha.
I am not speaking for myself, ní ar mo shon féin atá mé ag caint.
Everyone for himself, gach aon duine ar a shon féin.
He has sth. to show for his money, tá rud éigin ar son a chuid airgid aige.
Speaking for myself..., maidir liom féin . . ., ar mo shon féin . . .
To speak for s.o., labhairt ar son duine.