TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
none1, s. Nóin f -a.
none2 . 1 Pron. a (Of pers.) Aon duine; (of thg) aon cheann, aon rud. (With negative expressed or implied) None of them is, are, known to us, níl aithne againn ar aon duine acu. None of you can tell me . . ., ní féidir le haon duine agaibh a rá liom . . . None of this concerns me, ní bhaineann a dhath de seo liomsa. No news today? -- None, bhfuil scéal nua ar bith inniu? Scéal ar bith; an diabhal scéal. Strawberries! there are none, sútha talún! níl a leithéid ann. Any house is better than none at all, is fearr aon saghas tí ná bheith gan teach ar bith. None of your nonsense! stadadh an amaidí agat! cuir uait an phleidhcíocht! His nature is none of the calmest, ní hé an fear is réchúisí ar domhan é. b None can tell, níl a fhios ag aon duine. It was none other than the king, cé a bheadh ann ach an rí! c (In schedules, etc.) 'None,' 'dada.' 2 a. Money I had none, ní raibh pingin rua agam. Sounds there were none save the barking of a dog, fuaim ní raibh le cloisteáil ach tafann madra. Village there was none, sráidbhaile ná cuid de shráidbhaile ní raibh ann. 3 adv. a He is none the better for his wealth, níl sé a dhath níos fearr de bharr a chuid saibhris. I like him none the worse for it, ní lúide mo mheas air é. S.a. LESS 4, WORSE 1. b He was none too soon, ní raibh sé ach in am. They love each other none too well, níl siad rógheal dá chéile. The evening passed none too gaily, leathghruama go leor a bhí an tráthnóna (againn). His position is none too secure, níl sé suite ródhaingean ar chor ar bith.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Bar none, gan aon eisceacht.
It's none of your business, nach cuma duitse.
None but he can do it, ní féidir le aon duine a dhéanamh ach leisean.
That's none of my doing, ní hé mo chiontasa é.
None of your funny tricks! I don't want any funny business! cuir uait an phleidhcíocht, na geáitsí.
He continued none the less, lean sé air mar sin féin.
None the less he came first, dá ainneoin sin agus eile is é a bhí ar tosach.
None of your lip! ní beag sin de ghearrchaint uait!
The marriage was none of her making, níorbh ise shocraigh an cleamhnas.
F: None of your moralizing!, cuir uait an tseanmóireacht!
The outlook is none too promising, níl dealramh rómhaith ar na gnóthaí.
None of your sauce! bíodh múineadh ar do theanga.
In intelligence he is second to none, le hintleacht níl barr bua ag aon duine air.
I went away none too soon, níor mhór dhom a luaithe a d'imigh mé.
Though small, he is none the less brave, más beag is calma.
I will have none of it, beir uaim é, beannaím uaim é.
He is none the wiser (for that), níl sé a dhath níos eolaí lena linn sin.
He was none the worse for it, níor mheasade é é.
I think none the worse of him because he accepted it, ní lúide mo mheas air as a ghlacadh.