TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
but. 1 conj. a A poor but honest man, fear bocht ach fear ionraic. But I tell you I saw it, ach deirim leat go bhfacas é. But yet . . ., ach ina dhiaidh sin ... b (Subordinating) I never pass there but I think of you, ní théim an bealach am ar bith gan smaoineamh ort. Never a year passes but he writes to us, níl bliain ar bith nach scríobhann sé chugainn. He does nothing but eat, ní stadann sé ach ag ithe. Who knows but that he might come? cá bhfios nach, ná go, dtiocfadh sé? I cannot but believe that..., ní féidir liom gan a chreidiúint go ... I do not doubt but that he will come, níl amhras ar bith orm nach, ná go, dtiocfaidh sé. Not but that I pity you, agus ní hé nach bhfuil trua agam duit. 2 adv.She is but a child, níl inti ach leanbh. He talks but little, ní dheireann sé mórán. I saw him but an hour ago, níl sé ach uair ó chonaic mé é. But yesterday, inné féin. Had I but known, dá mba go mbeadh a fhios agam. S.a. ALL I. 2. 3 conj. or prep. (Except) a Who will do it but me? cé eile a dhéanfas é ach mise? All but he, but him, iad uile ach eisean. None but he can do it, ní féidir le aon duine a dhéanamh ach leisean. Anything but that, gach uile rud ach sin. He is anything but a singer, cibé rud eile é ní amhránaí é. There is nothing for it but to go away, níl le déanamh ach imeacht. What could I do but invite him? cad é a bhí le déanamh agam ach cuireadh a thabhairt dó? How could I but laugh? cén chaoi a bhféadfainn gan gáire? b But for, murach, gan. But for you I was done for, bhí mé réidh gan tusa, murach thusa. But for that, murach sin.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
These trees afforded us but little shelter, is beag foscadh a thug na crainn seo dúinn.
It is all but impossible, ar éigean is féidir é.
I all but fell, dóbair dom titim.
It is all but finished, tá sé ionann is críochnaithe.
He all but kissed me, ní raibh ann ach nár phóg sé mé.
Not only... but also..., ní hamháin... ach lena chois..., ach freisin...
Any but he would have refused, dhiúltódh gach aon duine ach é.
He was anything but satisfied, ní raibh ná cuid de shásta.
He is anything but mad, níl sé ar mire, cibé ar bith eile atá air.
Who arrived upon the scene but...! cé thiocfadh i láthair ach . . .!
It wouldn't have been so bad but . . ., níor chás é ach...
I was to have come but . . ., bhí mé le teacht ach . . .
He is (nothing but) a bag of bones, níl ann ach na cnámha agus an craiceann.
You cannot but succeed, ní fhéadfá cliseadh.
You can but try, is leor duit do dhícheall.
He cannot choose but obey, níl a mhalairt le déanamh aige ach a bheith umhal.
You could compare it to nothing but . . ., ní thabharfá samhail ar bith dhó ach . . .
There was no course open to me but flight, ní raibh an dara rogha agam ach teitheadh.
There is a cure for everything but death, tá leigheas ar gach uile shórt ach ar an mbás.
I cannot deny (but) that you are right, ní fhéadaim a shéanadh ná go, nach, bhfuil an ceart agat.
She did nothing but cry, níor stop sí ach ag gol.
Nothing would do but I must go home with him, ní raibh aon mhaith aige ann go dtéinn abhaile leis.
There seems to be no doubt (but) that. . ., dealraíonn sé nach bhfuil amhras ar bith ná go . . .
This was meant as a draw, but he did not rise to it, d'fhonn é a bhaint amach a rinneadh é seo, ach ní bheadh aon roinnt aige leis.
It is well enough in its way, but..., tá sé ceart go leor ar chuma, ach . . .
He is strict but fair, má tá sé dian níl sé claonta.
It is nobody's fault but your own, ní aon duine is ciontach leis ach tú féin.
He has (but) few friends, is beag, tearc, na cairde atá aige.
Iron: That's all very fine, but . . ., tá sin go breá, ach . . .
But for her I should have died, murach í, bhíos caillte.
He is but a mere ghost of his former self, níl ann ach scáil i mbuidéal; níl a leath féin ann.
He went to help her, but she got up again, bhí sé chun cabhraithe léi ach d'éirigh sí arís.
Anyone but he! duine ar bith ach eisean!
I saw him but not her, chonaic mé eisean ach ní fhaca mé ise.
Anybody but her! duine ar bith ach ise!
I saw him but not you, chonaic mé eisean ach ní fhaca mé tusa.
Anybody but him, duine ar bith ach eisean.
Your ifs and buts, do chuid má-anna agus ach-anna.
'But . . ..,' said my interlocutor, ‘ach . . .,' arsa an té a bhí ag caint liom.
There is nothing for it but to go, níl an dara dóigh air ach imeacht.
They are neighbours of ours but we do not know them, tá siad sa chomharsanacht againn ach ní bhíonn aon chaidreamh againn orthu.
The last but one, the second last, an ceann roimh an gceann deireanach.
Nothing was left to me but to . . . ní raibh an dara rogha agam, ach. . .
It was but little advantage to me, is beag a fuaireas dá thairbhe.
Formally correct but materially false, ceart ó thaobh na foirme ach mícheart ó thaobh an ábhair.
Anybody but me, duine ar bith ach mise,
He praised me but he didn't mean it, mhol sé mé ach ba ó bhéal é.
I was foolish but you were more so, bhí mé amaideach ach ba mheasa thusa.
As we were starting what must he do but cut his finger, nuair a bhíomar ag imeacht céard deir tú leis a ghearr a mhéar! céard a dhéanfadh sé ach a mhéar a ghearradh!
The next house but one, an dara teach ón teach seo. Next door.