ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was granted permission to do what he pleased, tugadh cead dó a rogha rud a dhéanamh.
I beg your pardon. Granted! faighim pardún agat. Tá sé ceart!
Granted that you are right, abraimis go bhfuil an ceart agat; agus an ceart a bheith agat; siúd is go raibh an ceart agat.
He took the people's goodwill for granted, d'áirigh sé dea-mhéin na ndaoine a bheith leis.
He took it for granted that things were as he thought, rinne sé talamh slán dá thuairim.
Do not take that for granted, ná codail ar an gcluais sin.
You may take it for granted that.. ., beir leat go . . .
You take too much for granted, róshiúráilte atá tú; is éasca leat dóigh a dhéanamh de do bharúil.
I take it for granted you will come, tá mé ag déanamh go dtiocfaidh tú cinnte.