Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
heart-to-heart, a. Heart-to-heart talk, comhrá ó chroí.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To break s.o.'s heart, croí duine a bhriseadh. S.a. HEART1 1
To conquer all hearts, croí gach éinne a mhealladh.
F: To make a conquest of s.o., of s.o.'s heart, duine a mhealladh; ortha an ghrá a chur ar dhuine.
To enslave hearts, greim a bhreith ar chroíthe (daoine); cluain a chur ar dhaoine.
I could not find it in my heart to do it, ní ligfeadh mo chroí dhom é a dhéanamh.
She cried fit to break her heart, ghoil sí mar a bheadh a croí á bhriseadh.
To get a poem off by heart, dán a chur de ghlanmheabhair.
It makes my heart glad to hear him, cuireann sé gliondar ar mo chroí é a chloisteáil.
My heart went out to him, do gheal mo chroí dó.
To harden s.o.'s heart, croí duine a chruachan.
He pressed her to his heart, d'fháisc sé lena ucht í.
It went to my heart, chuaigh sé go dtí an croí ionam.
He was cut to the heart, ghoill sé go cor a chroí air.
To learn sth. by heart, rud a fhoghlaim de ghlanmheabhair.
To win a woman's heart, croí mná a mhealladh.
To take, to lay, sth. to heart, meabhrú go maith ar rud.
We ate and drank to our heart's content, bhí muid ag ithe agus ag ól go raibh muid subhach sách.
To put new heart into s.o., a chroí a thabhairt do dhuine; misneach a thabhairt do dhuine.
To lose heart, uchtach, misneach, a chailleadh.
I could not find it in my heart, I hadn't the heart, to do it, ní ligfeadh mo chroí dom, ní bhfaighinn ó mo chroí, a dhéanamh.
To incline the heart towards evil, an croí a chlaonadh chun oilc.
To open one's heart to s.o., a bhfuil ar do chroí a insint do dhuine.
The bayonet penetrated to the heart, chuaigh an beaignit go croí ann.
To pour comfort into s.o.'s heart, sólás croí a thabhairt do dhuine.
He pressed her to his heart, d'fháisc sé lena chroí í.
To rend s.o.'s heart, croí duine a réabadh, a choscairt.
To be sick at heart, bheith croíbhrúite.
To be sore at heart, bheith cráite, croíbhuartha.
F: It stabbed me to the heart, chuaigh sé go croí ionam, ghoin sé go hae mé.
F: To steal away s.o.'s heart, croí duine a mhealladh.
To strain the heart, stró, strus, a chur ar an gcroí.
To strike a knife into s.o.'s heart, scian a shá i gcroí duine. v.tr. & abs.
He clasped her to his heart, theann sé lena chroí í.
To unload one's heart of a secret, rún do chroí a scaoileadh.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht