ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Arch of the eyebrows, cuar na malaí.
Beetle brows, (i) malaí púiceacha, malaí aitinn; (ii) malaí gruama.
F: To give s.o. a black eye, a mhala a fhágáil ar an tsúil ag duine.
He puckered his brows, chuir sé roic ina mhalaí, tháinig muc ar gach mala aige. S.a. KNIT 1.
His brow cleared, d'imigh an ghruaim dá mhalaí.
His eyebrows were knit, bhí muc ar gach mala leis.
He is restored, returned, to favour, tá sé i mala an tsnátha ghil arís, tá fabhar arís aige.
He frowned at, (up)on, me, bhí muc ar gach mala aige chugam.
P: To settle s.o.'s hash, an mhala a fhágáil ar an tsúil ag duine.
He knit his brows, chrap sé, chruinnigh sé, a mhalaí.
Knitted eyebrows, malaí craptha, cruinnithe.
Eyes overhung with beetling brows, súile folaithe ag malaí aitinn.
To pencil one's eyebrows, dath a chur ar do mhalaí.
The slope grows steeper, tá an mhala ag éirí crochta; tá an t-ard ag géarú.
By the sweat of his brow, le hallas a mhalaí.
Thick eyebrows, beard, malaí tiubha; féasóg thiubh.
To go uphill, dul suas mala.