TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
often, adv. Go minic. I see him often, I often see him, feicim go minic é. How often? (i) cé mhéad uair? (ii) an minic? cé chomh minic? As often as . . ., chomh minic agus . . .; gach uair go . . . F: As often as not, more often than not, chomh minic lena athrach. It cannot be too often repeated . . ., dá mhinicí a déarfar é is amhlaidh is fearr é . . .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
As often happens, (faoi) mar a tharlaíos go minic.
He was often ill as a child, ba mhinic tinn é agus é ina leanbh.
As often as I possibly can, chomh minic agus a fhéadfas mé ar chor ar bith é.
That is often the case, is minic amhlaidh é.
His memory often fails him, is minic a chliseann an chuimhne air.
He often went hungry, is minic a bhí an t-ocras air.
Your going out so often isn't liked, níltear sásta le tú a bheith ag dul amach chomh minic sin.
He often proved cruel, is minic a fuarthas cruálach é.
My thoughts often turn to this subject, is minic mo mhachnamh ar na cúrsaí seo.
Such people have not often come my way, is annamh a bhí plé agam le daoine den chineál sin.
She would often come home tired in the evening, is minic a tháinig sí chun an bhaile tráthnóna agus í tuirseach.