ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Adequate reward, luach cothrom saothair.
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
Without (any) more, without further, ado, gan níos mó saothair.
Work of art, saothar m ealaíne.
To work to no avail, saothar in aisce a dhéanamh.
Hospital financed by voluntary effort, ospidéal a choinnítear suas trí shaothar deonach.
F: You've seen his last effort? an bhfaca tú an saothar is deireanaí aige?
The exclusive work of Keating, saothar an Chéitinnigh amháin.
Fruitless efforts, saothar in aisce, gan aird, gan tairbhe, díomhaoin.
Unearned increment, méadú luacha gan saothar.
Material and labour, ábhar agus saothar.
Capital and labour, maoin f agus saothar m.
The twelve labours of Hercules, dhá shaothar déag Earcail.
Labour of love, (i) saothar gan chúiteamh; (ii) saothar a bhfaightear taitneamh ann.
He lards his writings with English words, tá a shaothar breactha le focail Bhéarla aige.
The author's latest work, saothar deireanach an údair.
The labour of a lifetime, saothar saoil.
To lift a passage from an author, dréacht a ghoid as saothar údair.
Advice is lost on him, saothar in aisce a bheith ag iarraidh comhairle a chur air.
My labour went for nothing, bhí mo shaothar in aisce agam.
Original idea of a work, bunsmaoineamh m saothair.
To be at great pains to do sth., saothar mór, dua mór, a fháil ó rud.
He had his labour for his pains, saothar in aisce a bhí aige ann.
He panted for breath, bhí saothar anála air.
To pay s.o. for work, luach a shaothair a thabhairt do dhuine.
As payment for your services, mar luach saothair duit.
He likes to see himself in print, is maith leis a shaothar a fheiceáil i gcló.
To work to no purpose, saothar in aisce a dhéanamh.
His literary pursuits, a shaothar liteartha.
To quote from the author, sliocht a thabhairt as saothar údair.
It is impossible to refrain from admiring this work, níorbh fhéidir duit gan meas a bheith agat ar an saothar seo.
Research work, saothar m taighde.
She is always on the run, tá sí i gcónaí faoi dheifir, ar saothar.
It runs through all his work, tá sé le haithint ar a shaothar ar fad.
Sale of work, díolachán m saothair.
Serious work of art, saothar fiúntach ealaíne.
F: It smells of the lamp, tá rian an tsaothair air.
He spent himself in a vain endeavour, chloígh, thraoch, sé é féin le saothar in aisce.
To extend one's sphere of activity, saothar níos scóipiúla a tharraingt ort féin.
To take sth. in one's stride, rud a dhéanamh gan saothar, gan stró.
What are you striving after? cad leis a bhfuil tú ag dréim? cad faoi do shaothar go léir?
It is work of little substance, ní saothar d'aon bhun é.
Exhibition of local talent, taispeántas de shaothar na háite.
It is not worth the trouble, ní fiú an saothar é.
To have (had) one's troubles for nothing, do shaothar a bheith in aisce agat.
Vain efforts, saothar m in aisce.
It is vain for you to try, saothar in aisce agat féachaint leis.
He laboured in vain, bhí a shaothar in aisce aige.
All my advice was wasted on him, ba shaothar in aisce dom comhairle a chur air.
Day's work, obair, saothar m, lae.